Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 15 Márta 2021
- Foilsithe: 15 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu.
4,534 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 14 Feabhra, cuireadh 575 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 227,316 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 289 agus is mná iad 282 díobh
- tá 73% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 30 aois airmheánach na ndaoine
- 232 i mBaile Átha Cliath, 48 sa Mhí, 41 i dTiobraid Árann, 38 i gCill Dara, 30 i nGaillimh agus tá na 186 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile
Amhail 8am inniu, tá 360 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 85 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 25 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 12 Márta, bhí 606,904 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 443,092 duine
- bhí a dara dáileog faighte ag 163,812 duine
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Cé go raibh béim an-intuigthe ar chlár na vacsaíne le cúpla lá anuas, ní mór dúinn aird a choinneáil ar an gcontúirt a bhaineann le COVID-19. Cé go mbeidh tionchar dearfach an-suntasach ag vacsaíní ar COVID, ní stopfaidh siad ráig eile den ghalar sna seachtainí amach romhainn. Sin atá le feiceáil ar fud na hEorpa faoi láthair agus tá an-bhrú ar ospidéil agus ar sheirbhísí cúram criticiúil in go leor tíortha. Níor cheart dúinn ligean dó sin tarlú sa tír seo.
"Le chéile, tá go leor bainte amach againn chun minicíocht an ghalair a laghdú. Is cúis dóchais dúinn na hiarrachtaí seo agus, más féidir linn filleadh ar tháscairí laghdaitheacha galair, is féidir linn leanúint ar aghaidh ag cosaint ár ngaolta agus táimid ag tnúth le laethanta i bhfad níos gile amach romhainn."
Dúirt an tOllamh Karina Butler, Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Náisiúnta Imdhíonta (NIAC):
"Tá sé cruthaithe go bhfuil gach vacsaín atá údaraithe lena húsáid in Éirinn an-éifeachtach i gcoinne galar COVID-19. Tá sábháilteacht na vacsaíní mar bhonn agus mar thaca ag an monatóireacht leanúnach a dhéanann an NIAC, HPRA agus an EMA ar bhonn atrátha.
"Leanfaimid orainn ag déanamh monatóireachta ar an staid a bhaineann le Vacsaín COVID-19 AstraZeneca agus tuiscint againn gur comhtharlú atá i gceist agus nach hí an vacsaín is cúis leis, déanfaimid athmheasúnú ar an staid agus ar mholtaí. Coinneoidh an HPRA NIAC ar an eolas go hiomlán de réir mar a théann imscrúdú an EMA ar aghaidh agus cinnteoimid go gcoimeádfar ar an eolas tú."
Dúirt an Dr Ray Walley, Ball den Choiste Náisiúnta Idirchaidrimh Dochtúirí Teaghlaigh COVID-19:
"Tá fo-éifeachtaí ag gach cógas, gach vacsaín san áireamh. Is é an ról atá againn mar chliniceoirí ná na buntáistí agus na rioscaí a bhaineann le cógais a mheas. Ba mhaith liom na daoine sin a a fuair vacsaín COVID-19 sa tír seo a chur ar a suaimhneas agus a rá go bhfuil, agus go mbeidh, buntáistí ollmhóra sa chlár vacsaíne, bunaithe ar fhianaise a bhaineann leis na vacsaíní uile atá á n-úsáid againn sa tír seo, lena n-áirítear Vacsaín COVID -19 AstraZeneca.
"Léiríonn fianaise a tháinig chun solais ó thíortha eile, agus anseo in Éirinn, buntaistí do dhaoine aosta agus do dhaoine leochaileacha, i dtéarmaí laghdú ar líon na ndaoine san ospidéal agus bás laghdaithe, go háirithe i measc daoine aosta agus laga. Tá gá le húsáid Vacsaín COVID-19 AstraZeneca a chur siar go sealadach chun cinnteacht a thabhairt go bhfuilimid ag coinneáil súil ar aon chomharthaí sábháilteachta a bheadh ann, aon rioscaí a d’fhéadfaí a aithint le linn na monatóireachta leanúnaí ar chláir vacsaínithe go hidirnáisiúnta, agus tá súil agam go mbainfidh daoine sólás as an gcur chuige cúramach seo."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:
"Thug mé ar aird an tseachtain seo caite go bhfuil méadú soghluaisteachta á fheiceáil againn freisin, agus, cé go bhfuiltear ag súil le méadú éigin mar gheall ar go leor daoine ag filleadh ar scoil, caithfimid leanúint ar aghaidh a bheith an-aireach. Ní hé seo an tráth le bheith ag bualadh le daoine go sóisialta, tá sé ró-chontúirteach.
"Ní mór dúinn gach is féidir a dhéanamh chun an víreas seo a chur faoi chois agus a chinntiú go mbeidh deis ag an méid is mó daoine leas a bhaint as vacsaíniú sna míonna seo romhainn. Tá raon na n-uirlísí seanbhunaithe ar fad ar eolas againn anois. Má leanaimid orainn ag fanacht amach ó dhaoine eile, ár lámha a ní, mascanna aghaidhe a chaitheamh agus fanacht sa bhaile, éireoidh linn scaipeadh an ghalair seo a laghdú."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- minicíocht 7 lá 77.3
- meán gluaiseachta 5 lá 548