Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain, an 15 Meitheamh
- Foilsithe: 15 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 16 Meitheamh 2020
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,706 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé Domhnaigh, an 14 Meitheamh, bhí 18 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,321 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Dé Sathairn, an 13 Meitheamh (25,303 cás):
- is mná iad 57% agus is fir iad 43%
- is é 48 bliain d’aois aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- tá 3,278 cás (13%) curtha san ospidéal
- as measc na ndaoine a cuireadh san ospidéal, cuireadh cóir leighis ar 417 cás san aonad dianchúraim
- baineann 8,130 cás le hoibrithe cúraim sláinte
- is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 12,213 (48% de gach cás), agus is í Corcaigh atá sa dara háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,533 cás (6%), agus is í Cill Dara atá sa tríú háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,434 cás (6%)
- maidir leis na cásanna a bhfuil a stádas scaipthe ar eolas: scaipeadh pobail atá i gceist i gcás 37%, dlúth-theagmháil atá i gceist i gcás 60%, agus taisteal thar lear atá i gceist i gcás 2%
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Is léir ó anailís atá déanta ar chásanna a tuairiscíodh le 14 lá anuas go bhfuil líon na gcásanna laethúla ag dul i laghad. Tugann sé seo le fios, i dteannta leis na treochtaí ospidéil agus dianchúraim, go bhfuil an víreas á chur faoi chois sa phobal mar thoradh ar iompar daoine."
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Bunaithe ar an taighde atá déanta againn go dtí seo, tá sé curtha in iúl ag beagnach 1.7 milliún duine go bhfuil aghaidhchlúdaigh á gcaitheamh acu in áiteanna poiblí. Is ionann é seo agus méadú 6% nó beagnach 300 duine in imeacht seachtaine, agus is fianaise é go bhfuil an pobal ag éisteacht leis an gcomhairle.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS:
“Má úsáideann tú iompar poiblí, nó má théann tú isteach i dtimpeallachtaí miondíola nó in áit ar bith nach féidir leat a bheith cinnte go bhfuil spás 2 mhéadar idir tú féin agus daoine eile, ba cheart duit aghaidhchlúdach a chaitheamh. Moltar aghaidhchlúdaigh a chaitheamh freisin nuair a bhíonn cuairt á tabhairt ar dhaoine leochaileacha.”
CRÍOCH