English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 18 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 20 Eanáir 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil ochtar le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhain na básanna sin go léir le mí Eanáir.

85 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 49-93 an raon aoise. Níor tuairiscíodh aon bhás nua i measc oibrithe cúram sláinte. Níor tuairiscíodh aon bhás nua i measc daoine óga faoi bhun 30 bliana d’aois.

2,616 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 17 Eanáir, cuireadh 2,121 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 174,843* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 992 / is mná iad 1,117 díobh
  • Tá 58% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 39 aois airmheánach na ndaoine
  • 753 i mBaile Átha Cliath, 236 i gCorcaigh, 142 i Loch Garman, 126 i gCill Dara, 109 i Luimneach agus tá na 755 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu, tá 1,975 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 200 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 102 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tá leibhéal níos airde daoine ar fud gach aoisghrúpa á gcur san ospidéal sa tríú ráig den phaindéim. Tá níos mó daoine breoite sna hospidéil ná mar a bhí aon uair eile le linn na paindéime. Níor tháinig aon athrú ar an mbaol a bhaineann leis an ngalar seo do dhaoine ionfhabhtaithe. Tá leibhéal tarchuir pobail i bhfad níos mó anois agus mar thoradh air sin táimid ag feiceáil líon níos airde daoine le géarbhreoiteacht a dteastaíonn uathu dul san ospidéal nó i ndianchúram agus líon níos airde básmhaireachta. Fan sa bhaile le gur féidir linn an t-ionfhabhtú sa phobal a laghdú."

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Tugann ár sonraí suirbhé le fios go dtuairiscíonn 60% go ndeachaigh siad i dteagmháil le gaolta agus cairde níos sine lena chinntiú go bhfuil siad ceart go leor. Cuid thábhachtach dár gcomhfhreagairt ar an bpaindéim seo is ea tacaíocht agus suaimhneas a sholáthar do dhaoine níos sine agus níos leochailí sa tsochaí. Caithfidh muintearas agus tacaíocht dá chéile a bheith mar chuid lárnach den troid i gcoinne COVID-19."

Dúirt an Dr. Lorraine Nolan, Príomhfheidhmeannach, Údarás Rialála Táirgí Sláinte;

“Suas go dtí an 11 Eanáir, fuair an HPRA 81 tuairisc ar fho-iarmhairtí amhrasta a bhaineann leis an vacsaín Pfizer/BioNTech. Bhí na tuairiscí go léir i gcomhréir leo siúd a fheictear le vacsaíní eile agus fo-iarmhairtí éadroma go measartha iad a bhí imithe nó a raibh biseach ag teacht orthu tráth an tuairiscithe. I measc na bhfo-iarmhairtí sin, bhí pianta boilg, masmas, tuirse, pianta sna hailt agus sna lámha, meadhrán, tinneas cinn, tochas agus gríos. Bhíothas ag súil leis na hiarmhairtí sin go léir ó na trialacha cliniciúla.

“Cé gur fo-iarmhairtí réasúnta éadrom atá i gceist agus gur cinnte go gcuireann siad as do na daoine a fhaigheann iad, imíonn siad sciobtha agus ní gá aon chóir leighis de ghnáth.

“Tá monatóireacht sábháilteachta ar gach cógas, lena n-áirítear vacsaíní, lárnach do shainchúram HPRA agus tá sé beartaithe againn nuashonrú rialta a fhoilsiú ar líon agus cineál na dtuairiscí maidir le fo-iarsmaí amhrasta le vacsaíní COVID-19, de réir mar a leanann rolladh amach an vacsaínithe."

Dúirt an Dr. Vida Hamilton, Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta agus Ceannaire Grúpa, Ospidéil Ghéarmhíochaine, FSS:

“Táimid anois seachtain amháin ag feidhmiú i gcáil borrtha criticiúil, an chéad uair a bhí orainn brath air seo le linn na paindéime. Tá ár bplean um ardú foirne i bhfeidhm agus táimid an-bhuíoch as an bhfoireann cúraim neamhchriticiúil atá ag tacú le seachadadh na seirbhísí criticiúla seo. Tá othair ar fud na seirbhíse sláinte an-tinn. Is í an teachtaireacht ó d’oibrithe cúram sláinte ná fanacht sa bhaile chun scaipeadh COVID-19 a stopadh.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 174,843 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 17 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 17 Ean 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (04 Ean 2021 go 17 Ean 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (04 Ean 2021 go 17 Ean 2021)
Éire 2,121 1404.2 66,866
Muineachán 99 2749.8 1,688
102 2210.5 2,849
Port Láirge 32 1995.2 2,318
Loch Garman 142 1849.4 2,769
Luimneach 109 1837.4 3,581
Ceatharlach 18 1608.9 916
Maigh Eo 55 1597.6 2,085
Corcaigh 236 1573.7 8,543
Baile Átha Cliath 753 1545.8 20,828
An Clár 29 1432.5 1,702
An Cabhán 52 1413.8 1,077
Dún na nGall 34 1373.8 2,187
An Mhí 13 1170 2,282
Cill Dara 126 1112.3 2,475
Gaillimh 84 1082.3 2,793
Cill Chainnigh 12 1074.3 1,066
Ciarraí 29 979 1,446
Tiobraid Árann 38 963.9 1,538
Uíbh Fhailí 18 914.6 713
Ros Comáin 15 901.7 582
Laois 24 898.5 761
Sligeach 14 814.8 534
Cill Mhantáin 55 754.1 1,074
An Iarmhí 18 681.5 605
Longfort 10 680.2 278
Liatroim <5 549.2 176

Minicíocht 7 lá 470.2

Meán gluaiseachta 5 lá 3,149