Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 19 Aibreán 2021
- Foilsithe: 19 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu nach bhfuil aon duine básaithe de thoradh COVID-19.
4,836 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 18 Aibreán, cuireadh 403 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.
243,911 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 208 / is mná iad 192 díobh
- Tá 73% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 31 aois airmheánach na ndaoine
- 174 i mBaile Átha Cliath, 34 sa Mhí, 20 i gCill Dara, 18 i Maigh Eo, 16 i gCorcaigh agus tá na 141 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile*
Amhail 8am inniu, tá 183 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 50 acusan san aonad dianchúraim.
Cuireadh seachtar eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 17 Aibreán 2021, bhí 1,204,063 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- Bhí a gcéad dáileog faighte ag 852,189 duine
- Bhí a dara dáileog faighte ag 351,874 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
- Minicíocht 7 lá 54.7
- Meán gluaiseachta 5 lá 364
Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche 18 Aibreán 2021)
(ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 18 Aib 2021) | Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 18 Aib 2021) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (05 Aib 2021 go 18 Aib 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (05 Aib 2021 go 18 Aib 2021) |
Éire | 403 | 364 | 115.0 | 5,478 |
Dún na nGall | 11 | 25 | 204.2 | 325 |
Cill Dara | 20 | 25 | 200.9 | 447 |
Uíbh Fháilí | 6 | 9 | 192.4 | 150 |
Baile Átha Cliath | 174 | 139 | 172.3 | 2,321 |
An Mhí | 34 | 26 | 161.0 | 314 |
An Longfort | <5 | 4 | 149.2 | 61 |
An Iarmhí | 10 | 10 | 136.3 | 121 |
Laois | <5 | 7 | 129.9 | 110 |
An Cabhán | 8 | 6 | 122.1 | 93 |
Liatroim | 12 | 4 | 103 | 33 |
Muineachán | <5 | 4 | 97.7 | 60 |
Maigh Eo | 18 | 8 | 93.5 | 122 |
Lú | 14 | 10 | 88.5 | 114 |
Ros Comáin | 5 | 4 | 86.8 | 56 |
Luimneach | 7 | 14 | 86.2 | 168 |
Gaillimh | 14 | 16 | 84.9 | 219 |
Cill Mhantáin | 9 | 7 | 75.8 | 108 |
Port Láirge | <5 | 7 | 69.7 | 81 |
Ceatharlach | 5 | 4 | 66.7 | 38 |
Tiobraid Árann | 8 | 6 | 58.9 | 94 |
Loch Garman | <5 | 5 | 53.4 | 80 |
Ciarraí | <5 | 4 | 39.9 | 59 |
Corcaigh | 16 | 13 | 39.8 | 216 |
An Clár | <5 | 3 | 38.7 | 46 |
Sligeach | 12 | 3 | 32.0 | 21 |
Cill Chainnigh | 0 | 2 | 21.2 | 21 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.