English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 19 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 21 Deireadh Fómhair 2020

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,852 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 18 Deireadh Fómhair, cuireadh 1,031 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 50,993 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 511 / is mná iad 518 díobh
  • tá 70% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 30 aois airmheánach na ndaoine
  • 235 i mBaile Átha Cliath, 232 i gCorcaigh, 60 i nGaillimh, 47 i Luimneach, 47 i gCiarraí, agus tá na 410 cás eile scaipthe ar fud 21 contae

Amhail 2pm inniu tá 298 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 34 díobh sin san ICU. Cuireadh 20 san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Má tá siomptóim COVID-19 agat, má tá tú ag fanacht le toradh tástála nó más cás deimhnithe tú, ní mór duit féin-aonrú ar feadh 10 lá ón lá a thosaíonn na siomptóim. Ciallaíonn féin-aonrú fanacht i do sheomra, amach ó bhaill eile de do theaghlach.

"Má tá cónaí ort i dteach le cás deimhnithe ná téigh chuig an obair nó ar scoil. Caithfidh tú fanacht sa bhaile agus do ghluaiseachtaí a shrianadh ar feadh 14 lá."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH