English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 20 Nollaig 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 22 Nollaig 2021

Cuireadh 4,799* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 467 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 104 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá leibhéal an ghalair agus an ráta deimhneachta i measc daoine fásta óga méadaithe go géar le seachtain anuas. Tá toradh “braite” faighte ag duine as gach ceathrar san aoisghrúpa 16 - 34 bliain d’aois atá ag dul faoi thástáil PCR. Tá sé seo ar cheann de na rátaí is airde ó thús na paindéime.

“Léiríonn an leibhéal ard seo i measc daoine óga riosca ard dóibh siúd a dtagann siad i dteagmháil leo nach bhfuil vacsaínithe nó nach bhfuil a teanndáileog faighte acu fós. Dá bhrí sin, mura bhfuair tú do theanndáileog fós is fearr teagmháil gan ghá le daoine lasmuigh de do theaghlach a sheachaint.

“Is tréimhse thábhachtach í seachtain na Nollag do go leor againn. Is tréimhse í freisin, áfach, a thugann deiseanna uathúla do COVID scaipeadh mar gheall ar an leibhéal ard measctha idir teaglaigh agus idirghlúine. Is féidir le gach duine againn bearta a dhéanamh an tseachtain seo chun muid féin agus ár ngaolta a chosaint, fiú má chiallaíonn sé sin athmhachnamh a dhéanamh ar phleananna do thréimhse na Nollag, go háirithe mura bhfuil teanndáileog nó vacsaín faighte agat fós.

“Cé nach bhfuil sé éasca, ní mór dúinn líon na ndaoine a mbeidh teagmháil againn leo an Nollaig seo a theorannú chun ár dteaghlaigh a chosaint. Is mór an íobairt í seo go háirithe leis an mbliain an-deacair a bhí ag gach duine againn. Mar sin, cuimhnigh le do thoil gur b’fhéidir gurb é an cinneadh seo a chosnódh tú féin nó duine muinteartha leat ó thionchair thromchúiseacha COVID-19.

“Is cúis imní freisin go léiríonn na sonraí rianaithe Amarach is déanaí atá againn nach bhfuil ach leath na ndaoine a bhfuil siomptóim orthu ag aonrú. Is é seo an rud is tábhachtaí den chomhairle bhunúsach sláinte poiblí - tá sé ríthábhachtach go n-aonraíonn tú chomh luath agus a bhíonn aon siomptóim de COVID-19 agat agus tástáil PCR a shocrú. Níor chóir bualadh le daoine eile agus iad a chur i mbaol COVID-19 nó ionfhabhtú riospráide eile. Ná bí ag brath ar thástáil dhiúltach antaigin mar bhunús gan aonrú."

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.


Ní bhíonn tionchar ag éagsúlacht ó lá go lá ar líon na gcásanna COVID-19 a thuairiscítear ar phríomhanailís treochta. Déanann anailísiú thar thréimhse ama níos faide mar sheachtain nó 14 lá, réidh le haon athruithe a thugtar isteach le hamanna próiseála, agus soláthraíonn sí pictiúr níos cobhsaí den treocht.

Beidh líon na bhfógraí maidir le CIDR difriúil ó fhoinsí sonraí FSS eile, mar shampla torthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID, ar chúiseanna éagsúla lena n-áirítear:

  • Dídhúbláil ar thástálacha dearfacha leantacha sa duine céanna
  • Sceidil uaslódála éagsúla ag na saotharlanna chuig CCT agus CIDR - déantar taifid dhearfacha a uaslódáil chuig CCT de láimh, ní amhlaidh an cás le CIDR. Is gnách go ndéantar uaslódáil ar CIDR ar an lá nó laistigh de lá amháin ó údarú thoradh na tástála saotharlainne
  • An t-am a ghlacann sé chun an modh dhá chéim fógraí ar CIDR a phróiseáil - tarlaíonn sé seo de ghnáth ar an lá nó laistigh de lá amháin ó uaslódálann saotharlanna taifid dhearfacha ar CIDR