English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 21 Meán Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Tá 1,792 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 20 Meán Fómhair, cuireadh 188 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 33,121 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 96 / is mná iad 90 díobh
  • Tá 71% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • Deimhnítear go bhfuil baint ag 36% le ráigeanna nó gur dlúth-theagmhálacha iad le cás deimhnithe
  • Aithníodh 19 cás mar thras-seoladh pobail
  • Tá 76 cás i mBaile Átha Cliath, 25 i gCorcaigh, 21 i nDún na nGall, 16 i gCill Dara, 13 i nGaillimh, 7 i Ros Comáin agus 7 i bPort Láirge, agus na 23 cás eile scaipthe ar fud 12 chontae.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Is é spiorad na freagartha ar COVID-19 ó thús na paindéime seo ná dlúthpháirtíocht agus comhoibriú. Cé gur tréimhse uathúil dhúshlánach atá sa phaindéim seo do gach duine, tacóimid lena chéile chun an ceann is fearr a fháil uirthi.

“Tabhair spreagadh do do theaghlach agus do do chairde aird a thabhairt ar chomhairle sláinte phoiblí. Anois níos mó ná riamh, caithfimid oibriú le chéile. Tá tábhacht ag baint lenár ngníomhaíochtaí aonair ag leibhéal an daonra.

“Tá tábhacht mhór ag baint leis an méid a dhéanann muid inár saol laethúil - ár dteagmhálacha sóisialta a laghdú, ag obair ón mbaile, scaradh sóisialta, clúdach aghaidhe a chaitheamh, ár lámha a ní. Is iad na céimeanna beaga dearfacha seo le chéile an chosaint is fearr agus is láidre atá againn i gcoinne an víris. "

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir

Léiríonn taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go bhfuil an leibhéal imní anois ag 6.5/10.

Léiríonn an sampla ionadaíoch náisiúnta de 1,650 duine a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte inniu, an 21 Meán Fómhair an méid seo a leanas;

  • Tá an leibhéal imní ag 6.5/10, cosúil leis an leibhéal imní a cuireadh in iúl i mí Aibreáin, agus is iad na príomhfhoinsí imní ná ró-ualach an chórais sláinte, sláinte an teaghlaigh agus cairde, agus an gheilleagair
  • Measann 47% go bhfuil an phaindéim is measa fós le teacht, an leibhéal is airde a tuairiscíodh ó mhí Aibreáin
  • Measann 52% gur chóir go mbeadh níos mó srianta ann, cosúil leis na leibhéil a tuairiscíodh i mí an Mhárta