English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 22 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

4,137 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 21 Feabhra, cuireadh 686 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 215,743 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 325 / is mná iad 354 díobh
  • Tá 66% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 34 aois airmheánach na ndaoine
  • 278 i mBaile Átha Cliath, 49 i Luimneach, 37 i gCill Dara, 32 i Lú, 31 i nDún na nGall agus tá na 259 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha go léir atá fágtha.*

Amhail 8am inniu, tá 726 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 156 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 33 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 19 Feabhra, bhí 340,704 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 214,384 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 126,320 duine

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Leanaimid orainn ag féachaint ar leibhéil arda comhlíontachta i measc an daonra agus tá tionchar dearfach aige sin ar leibhéil an ghalair inár bpobail. Tá tionchar dearfach aige freisin ar na hospidéil - cé go raibh 269 cás in oibrithe cúram sláinte an tseachtain seo caite agus 4 ráig inár n-ospidéil is laghdú an-suntasach iad seo i gcomparáid leis na 839 cás agus 15 ráig sa tseachtain go dtí an 7ú Feabhra.

"Le himeacht aimsire, beidh vacsaíniú ar an uirlis is cumhachtaí atá againn i gcoinne COVID-19 agus sna seachtainí amach romhainn gheobhaidh siad siúd is leochailí inár dteaghlaigh agus inár bpobail vacsaíniú. Go dtí sin, tá réimse uirlisí iontaofa ag gach duine againn - trí fanacht amach ó dhaoine eile, ár lámha a ní, mascanna aghaidhe a chaitheamh agus fanacht sa bhaile éireoidh linn scaipeadh an ghalair seo a laghdú. Cabhróidh ár gcomhiarrachtaí linn bogadh níos gaire d’athoscailt leanúnach ár scoileanna agus atosú seirbhísí cúram sláinte neamh-COVID."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 21 Feabhra 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 21 Feabh 2021) Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 21 Feabh 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 21 Feabh 2021)
Éire 686 803 240 11,429
Uíbh Fháilí 18 24 437.4 341
Baile Átha Cliath 278 315 335.5 4,520
Gaillimh 21 53 328.6 848
Muineachán 10 12 325.8 200
Laois 10 17 294 249
32 25 286.3 369
Port Láirge 15 23 271.1 315
Cill Dara 37 48 271 603
Luimneach 49 45 266.3 519
Maigh Eo 19 27 258.2 337
An Longfort <5 9 256.9 105
An Cabhán 13 12 241.5 184
An Mhí 23 28 241 470
An Iarmhí 11 15 234.3 208
Ceatharlach 8 7 216 123
Tiobraid Árann 12 26 179.9 287
Loch Garman 11 11 171 256
Dún na nGall 31 24 164.6 262
Liatroim <5 4 162.3 52
An Clár 16 14 148.1 176
Cill Mhantáin 17 13 122.2 174
Sligeach 8 5 109.9 72
Ros Comáin 7 5 106.9 69
Cill Chainnigh 10 9 103.8 103
Corcaigh 19 26 94.5 513
Ciarraí <5 4 50.1 74

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.