English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 22 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.

4,588 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 21 Márta, cuireadh 520 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 231,119 cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 258 agus is mná iad 262 díobh
  • tá 79% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 28 aois airmheánach na ndaoine
  • 242 i mBaile Átha Cliath, 36 sa Mhí, 30 in Uíbh Fhailí, 29 i gCill Dara, 25 i gCill Mhantáin agus tá na 158 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile

Amhail 8am inniu, tá 359 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 81 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 14 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 19 Márta, bhí 668,529 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • bhí a gcéad dáileog faighte ag 487,466 duine
  • bhí a dara dáileog faighte ag 181,063 duine

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Cuireadh treoir nua maidir le cuairteanna chuig tithe altranais i bhfeidhm inniu agus tá an-fháilte roimhe. Agus muid ag dul i dtaithí ar na buntáistí a bhaineann le vacsaíniú, meabhraítear dúinn go bhfuilimid ag obair i dteannta a chéile chun deireadh a chur leis an bpaindéim seo trí rolladh amach vacsaíní agus trínár mbearta cosanta eile.

"D’oibrigh daoine go crua le trí mhí anuas chun an tarchur inár bpobail a laghdú. Thaispeánamar arís agus arís eile gur féidir linn gníomhú le chéile chun a chéile a chosaint. Cloígh leis an méid sin sna seachtainí amach romhainn le bhur dtoil."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach um Shamhaltú Eipidéimeolaíochta na hÉireann:

"Dlúth-theagmháil is cúis le 60% de chásanna an ghalair sa tseachtain ón 7-13 Márta, agus teagmháil phearsanta ba chúis le 24% de na cásanna sa phobal. Tá 59% de tharchur an ghalair ag tarlú i líonta tí. Taobh amuigh den teaghlach, is ag ócáidí sóisialta agus in ionaid oibre a tholgann beagnach a leath de na daoine an galar."

Dúirt an Dr. Cillian de Gascun, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Saotharlainne Tagartha Náisiúnta maidir le Víris:

"Is é an t-athraitheach B117 den víreas atá ar 90% de na daoine a bhfuil an COVID-19 orthu agus tá sé fíorthógálach. Tá sé mar aidhm ag comhairle sláinte poiblí scaipeadh an víris seo a theorannú, agus ba chóir a thabhairt ar aird go bhfuil sé thar a bheith éasca ag B117 amhlaidh a dhéanamh. An bealach is éifeachtaí chun scaipeadh an athraithigh seo agus gach cineál eile de COVID-19 a chosc ná teagmhálacha sóisialta a theorannú agus cloí leis an gcomhairle sláinte phoiblí."

Dúirt an Dr Máirín Ryan, Leas-POF HIQA agus Stiúrthóir Measúnachta Teicneolaíochta Sláinte:

"Inniu, d’fhoilsigh HIQA athbhreithniú idirnáisiúnta maidir le bearta agus straitéisí sláinte poiblí chun scaipeadh COVID-19 a theorannú. Ghlac Éire cur chuige láidir ó thús na paindéime in 2020 agus choinnigh sí líon na ndaoine in ospidéil agus in aonaid dianchúraim íseal in aghaidh an mhilliúin daonra i gcomparáid le tíortha eile.

"Tá gach tír a bhfuil creat riosca foilsithe aici a chuirtear i bhfeidhm ar leibhéal náisiúnta ag feidhmiú ag an leibhéal riosca is airde faoi láthair.

"Tá a gcláir vacsaínithe COVID-19 seolta ag gach tír atá san áireamh sa tuarascáil agus tá an sciar is mó dá dhaonra vacsaínithe go hiomlán ag Iosrael (47.5%) leis an Eilvéis (4.3%) agus an Danmhairg (4.2%) ina dhiaidh sin. In Éirinn bhí 3.3% den daonra vacsaínithe go hiomlán an 12 Márta."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • minicíocht 7 lá 79.9
  • meán gluaiseachta 5 lá 580