English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain, an 22 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 2 dhuine de thoradh COVID-19.

Tá 1,717 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag meán oíche, Dé Domhnaigh, an 21 Meitheamh, bhí 4 chás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,383 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Deais COVID-19.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte;

“Inné, tuairiscíodh níos mó ná 183,000 cás nua de COVID-19 ar fud an domhain, an líon is mó riamh in aon lá amháin dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.

“In Éirinn, le 14 lá anuas, bhain breis is trian de na cásanna deimhnithe nua le daoine óga faoi 35 bliain d’aois. Ní daoine scothaosta amháin a fhaigheann an galar seo. Níl aon duine imdhíonach, tá gach duine freagrach as stop a chur le scaipeadh COVID-19.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte;

“Cé gur cúis dóchais é go bhfuil méadú tagtha ar líon na ndaoine a bhfuil aghaidhchlúdaigh á gcaitheamh acu in áiteanna poiblí, tá an ráta 41% i bhfad níos ísle nuair a chuirtear i gcomparáid é leis na hiompraíochtaí molta eile, lámha a ní (92%) agus scaradh fisiciúil (91%), mar shampla. Ba cheart aghaidhchlúdaigh a chaitheamh nuair a bhaineann deacracht le scaradh fisiciúil, i siopaí agus ar iompar poiblí mar shampla.”

CRÍOCH

De réir taighde Amárach, curtha i gcrích thar ceann na Roinne Sláinte, tá méadú eile fós tagtha ar chéatadán na ndaoine fásta a bhfuil aghaidhchlúdaigh á gcaitheamh acu, méadú ó 34% an tseachtain seo caite go dtí 41% an tseachtain seo, sna grúpaí déimeagrafacha ar fad.

  • Thug 48% de mhná agus 33% d’fhir le fios go gcaitheann siad aghaidhchlúdach in áiteanna poiblí
  • Creideann formhór na ndaoine fásta (56%) go bhfuil an chuid is measa den phaindéim thart faoin tráth seo.