English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 26 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil triúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,885 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 25 Deireadh Fómhair, cuireadh 939 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 58,067 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 444 / is mná iad 483 díobh
  • tá 66% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 32 aois airmheánach na ndaoine
  • 262 i mBaile Átha Cliath, 96 i gCorcaigh, 61 sa Mhí, 53 i nGaillimh, 51 i nDún na nGall agus tá 413 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha go léir atá fágtha

Amhail 2pm inniu tá 341 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 38 díobh sin san ICU. Cuireadh 16 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH