Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 26 Lúil 2021
- Foilsithe: 26 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,345* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 141 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 25 astu siúd san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá ardleitheadúlacht COVID-19 á tabhairt faoi deara againn faoi láthair i measc go leor contaetha. Tá méadú suntasach tagtha ar an líon daoine a tugadh chun ospidéil le coicís anuas.
“Lean ar aghaidh le spásanna plódaithe a sheachaint, ag coimeád amach ó dhaoine eile, le suíomhanna taobh istigh dea-aeraithe trí fhuinneoga agus doras a oscailt agus le masc a chaitheamh, nuair is cuí, le do thoil.”
Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá 87% de na cásanna inniu ina measc siúd atá níos óige ná 45 bliain d’aois. Má tá tú ag feitheamh le do vacsaín nó má tá tú ag feitheamh leis an dara dáileog, lean ort le tú féin a chosaint trí chloí leis an gcomhairle sláinte poiblí.
“Tá vacsaíní in aghaidh COVID-19 sábháilte agus éifeachtach. Glac le vacsaín a luaithe a thugtar an deis duit amhlaidh a dhéanamh.”
CRÍOCH
Cláraigh chun do vacsaín COVID-19 a fháil.
- D’fhéadfadh athrú teacht ar líonta cásanna laethúla mar gheall ar ar bhailíochtú sonraí a dhéanfar amach anseo.