Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 29 Meitheamh 2020
- Foilsithe: 29 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 30 Meitheamh 2020
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,735 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 28 Meitheamh, cuireadh 24 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,462* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Táimid ag feiceáil treocht a chuireann imní orm, le líon na gcásanna arna tuairisciú ag méadú, agus roinnt cnuasach nua.
“De réir mar a bhaintear srianta agus daoine ag bogadh thart níos mó, tá sé tábhachtach go n-úsáidfimid na huirlisí a chuidigh linn an víreas a chur faoi chois go dtí seo.
“Is iompraíochtaí tábhachtacha iad níochán lámh, scaradh fisiceach, sláinteachas casachta/sraothartaí agus cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh a chiallaíonn, de réir mar a ghluaisimid ar aghaidh lenár saol laethúil, go bhfuilimid ag déanamh gach rud is féidir linn a dhéanamh chun an víreas a sheachaint agus gan é scaipeadh chuig daoine muinteartha”.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Inniu táimid ag tuairisciú sé chás ar a laghad a bhaineann le taisteal idirnáisiúnta. Tá go leor tíortha ar fud an domhain fós a bhfuil leibhéil arda agus méadaitheacha den ghalar seo iontu. An tseachtain seo caite, tuairiscíodh níos mó ná 1.1 milliún cás agus tuairiscíodh níos mó ná 10 milliún cás ar fud an domhain go dtí seo.
“Tá am riosca maidir le cásanna ó thíortha eile isteach fós ard. Tá sé tábhachtach gach taisteal neamhriachtanach a sheachaint ag an tráth seo. "
Dúirt an Dr. Siobhán Kennelly, Comhairleoir Cliniciúil Náisiúnta FSS agus Ceannaire Grúpa do Dhaoine Scothaosta:
“Tá go leor srianta bainte anois agus tá daoine ag dul amach níos mó, lena n-áirítear iad siúd atá os cionn 70 nó leochaileach ó thaobh sláinte de.
“Tá bualadh le daoine tábhachtach do d’fholláine mheabhrach agus fhisiciúil, ach tá sé tábhachtach go bhfuil tú sábháilte agus tú ag déanamh amhlaidh. Caith clúdach aghaidhe, bíodh siomptóim COVID-19 ar eolas agat agus déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh láithreach má airíonn tú tinn. "
Dúirt Siobhán Killeen, peileadóir CLG Bhaile Átha Cliath
“Tá iar-éifeachtaí an ghalair seo an-tromchúiseach, fiú dóibh siúd atá aclaí agus sláintiúil. Bhí mé an-sláintiúil, ach fuair mé go dona tinn. Mheas mé, cosúil le go leor daoine eile, gcosnódh m’aois agus mo shláinte mé ó ghalar an-tógálach.”
**CRÍOCH*
Léiríonn taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte méadú breise ar líon na ndaoine a thuairiscíonn go bhfuil siad ag caitheamh cumhdaigh aghaidhe, ag 45% anois.
Tugann an sampla ionadaíoch náisiúnta de 2,000 a rinne an Roinn Sláinte inniu an méid seo a leanas le fios
- Thuairisc 53% de mhná agus 36% d’fhir go bhfuil cumhdaigh aghaidhe á gcaitheamh acu
- Tá an leibhéal imní ag méadú. Creideann 49% go bhfuil an chuid is measa taobh thiar dínn agus creideann 23% go bhfuil an chuid is measa amach romhainn.
- Creideann 64% fós go bhfeicfimid an dara ráig, creideann 25% anois gur cheart dúinn níos mó srianta a thabhairt isteach, agus mothaíonn 31% anois go bhfuilimid ag iarraidh filleadh ar an ngnáthshaol ró-thapa
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 25,462 cás deimhnithe é seo.