English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 3 Bealtaine 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor cuireadh aon bhás a bhain le COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

4,906 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Domhnaigh 2 Bealtaine, cuireadh 453 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 250,290* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 250,290 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 203 agus is mná iad 250 díobh
  • tá 78% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 25 aois airmheánach na ndaoine

Amhail 8am inniu, tá 129 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 40 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh cúigear in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 1 Bealtaine 2021, bhí 1,591,888 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • bhí a gcéad dáileog faighte ag 1,146,562 duine
  • bhí a dara dáileog faighte ag 445,326 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • Meán gluaiseachta 5 lá 489.