English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 4 Bealtaine

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 4 Bealtaine 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 16 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,319 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail 11am Dé Luain an 4 Bealtaine, cuireadh 266 cás nua dearbhaithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 21,772 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.

Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 2 Aibreán (21,437 cás):

  • is mná iad 58% agus fir iad 42% díobh
  • 49 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
  • cuireadh 2,840 cás (13%) san ospidéal
  • díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 364 cás isteach san ICU
  • baineann 6,211 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath le 10,561 cás, (49% de na cásanna go léir) agus i gCill Dara ina dhiaidh sin le 1,268 cás (6%) agus ansin i gCorcaigh le 1,175 (6%)
  • díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 63%, is ionann dlúth-theagmháil agus 34%, is ionann taisteal thar lear agus 3%

CRÍOCH