Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 6 Aibreán
- Foilsithe: 6 Aibreán 2020
- An t-eolas is déanaí: 6 Aibreán 2020
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 16 othar in Éirinn ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil:
- tá 11 duine básaithe san oirthear, 4 san iarthuaisceart, 1 in iarthar na tíre
- bhí 6 bean agus 10 fear san áireamh sna hothair
- tuairiscíodh go raibh fadhbanna eile sláinte ag 4 othar
- 78 aois airmheánach na mbásanna a tuairiscíodh inniu
Tá 174 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois. 81 aois airmheánach na mbásanna in Éirinn. As na 174 bás, bhí 114 fireann agus 60 bean.
Tugadh fógra don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte go bhfuil 370 cás nua deimhnithe de COVID-19 in Éirinn, amhail 1pm, Dé Luain an 6 Aibreán.
Tá 5,364 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Léiríonn taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte, suirbhé ar líne atá ionadaíoch go náisiúnta ar 1,270 duine fásta inniu, agus a dhéanfar faoi dhó sa tseachtain, an méid seo a leanas:
- tá laghdú tagtha ar chéatadán na ndaoine atá ag bailiú stoic ó bhuaic 43% i lár mhí an Mhárta go 20% inniu
- creideann 86% de dhaoine go bhfuil srianta reatha an rialtais “gar don mharc”
- tá 67% ag idirghníomhú le teaghlaigh agus le cairde ar an bhfón
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Léiríonn ár dtaighde go bhfuil an leibhéal foriomlán imní fós ard ag 7 as 10 ach nár tháinig méadú suntasach air ó lár mhí an Mhárta, in ainneoin gur tugadh isteach bearta níos srianta."
Dúirt an Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
"Tá ár gcóras Cúram Sláinte ag ullmhú le haghaidh borradh i gcásanna COVID-19 ach tá sé tábhachtach a mheabhrú do dhaoine go bhfuil gach gníomhaíocht éigeandála agus riachtanach á déanamh ag na hospidéil go fóill."
Cásanna amhail Dé Sathairn an 4 Aibreán
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Sathairn, an 6 Aibreán (4,916 cás):
- is fir iad 46% agus is mná iad 54% díobh, agus baineann 989 cás le 260 cnuasach
- 49 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- cuireadh 1,265 cás (26%) san ospidéal
- díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 169 cás isteach san ICU
- tá baint ag 1,263 cás (26%) le hoibrithe cúram sláinte
- tá an líon is mó cásanna i mbaile átha cliath le 2,692 cás, (55% de na cásanna go léir) agus i gcorcaigh ina dhiaidh sin le 362 cás (7%)
- díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 65%, is ionann dlúth-theagmháil agus 23%, is ionann taisteal thar lear agus 12%
Is féidir leat na sonraí is déanaí a fheiceáil ar Deais COVID-19 (Coróinvíreas).
CRÍOCH
Staitisticí ospidéil
Líon iomlán na gcásanna | 4916 |
Líon iomlán san ospidéal | 1265 |
Líon iomlán a tugadh isteach san ICU | 169 |
Líon iomlán na mbásanna | 167 |
Líon iomlán na n-oibrithe cúram sláinte | 1263 |
Líon na gcnuasach curtha in iúl | 260 |
Aois airmheánach | 49 |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Inscne na n-othar
Inscne | Líon | mar % den Iomlán |
Baineann | 2633 | 53.6 |
Fireann | 2235 | 45.5 |
Anaithnid | 48 | 1 |
Iomlán | 4916 |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Raon aoise lena mbaineann
Aoisghrúpa | Líon | mar % den Iomlán |
<1 | 11 | 0.2 |
1 - 4 | 13 | 0.3 |
5 - 14 | 36 | 0.7 |
15 - 24 | 287 | 5.8 |
25 - 34 | 820 | 16.7 |
35 - 44 | 902 | 18.3 |
45 - 54 | 907 | 18.4 |
55 - 64 | 697 | 14.2 |
65+ | 1229 | 25 |
Anaithnid | 14 | 0.3 |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
An chaoi a bhfuil COVID-19 ag scaipeadh
Tarchur pobail | 65% |
Dlúth-theagmháil le cás deimhnithe | 23% |
Taisteal Thar Lear | 12% |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Tabhair ar aird:
Sa chás go bhfaigheann duine toradh deimhneach ar a dtástáil le haghaidh COVID-19 agus nach raibh sé/sí thar lear nó nach raibh teagmháil aige/aici le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur pobail air sin.
Sa chás gur féidir duine toradh deimhneach do COVID-19 a nascadh le cás deimhnithe eile in Éirinn, tugtar tarchur logánta air sin.
Cásanna san ospidéal de réir aoisghrúpa
Aoisghrúpa | Líon na gcásanna | Céatadán den iomlán |
<5 | 3 | 0.2 |
5 - 14 | 7 | 0.6 |
15 - 24 | 35. | 2.8 |
25 - 34 | 93 | 7. 4 |
35 - 44 | 111. | 8.8 |
45 - 54 | 188. | 14.9 |
55 - 64 | 191. | 15.1 |
65+ | 635 | 50.2 |
Anaithnid | 2 | 0.2 |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Cásanna de réir contae
Ceatharlach | 12 | 0.2% |
An Cabhán | 115 | 2.3% |
An Clár | 60 | 1.2% |
Corcaigh | 362 | 7.4% |
Dún na nGall | 103 | 2.1% |
Baile Átha Cliath | 2692 | 54.8% |
Gaillimh | 112 | 2.3% |
Ciarraí | 89 | 1.8% |
Cill Dara | 175 | 3.6% |
Cill Chainnigh | 75 | 1.5% |
Laois | 25 | 0.5% |
Liatroim | 13 | 0.3% |
Luimneach | 140 | 2.8% |
Longfort | 21 | 0.4% |
Lú | 65 | 1.3% |
Maigh Eo | 107 | 2.2% |
An Mhí | 141 | 2.9% |
Muineachán | 52 | 1.1% |
Uíbh Fhailí | 66 | 1.3% |
Ros Comáin | 18 | 0.4% |
Sligeach | 28 | 0.6% |
Tiobraid Árann | 125 | 2.5% |
Port Láirge | 49 | 1% |
An Iarmhí | 107 | 2.2% |
Loch Garman | 21 | 0.4% |
Cill Mhantáin | 142 | 2.9% |
- Tomhaiseadh na staitisticí go léir ag meán oíche Dé Sathairn an 4 Aibreán.
Ciallaíonn ≤ 'níos lú ná nó cothrom le'.