Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 8 Márta 2021
- Foilsithe: 8 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Lárionad Faire um Chosaint Sláinte inniu.
4,422 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 7 Feabhra, cuireadh 437 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 223,651* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 223,651 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 216 agus is mná iad 218 díobh
- tá 71% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 34 aois airmheánach na ndaoine
- 184 i mBaile Átha Cliath, 31 i Luimneach, 26 i nDún na nGall, 20 i nGaillimh, 18 in Uíbh Fhailí agus tá na 158 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir
Amhail 8am inniu, tá 418 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 103 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 20 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 5 Márta, bhí 513,322 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 363,601 duine
- tá an dara dáileog faighte ag 149,721 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Léiríonn sonraí taighde Amárach go bhfuil an chuid is mó den phobal ag cloí leis na príomhbhearta sláinte phoiblí; ag ní na lámh go rialta (93%); ag úsáid díghalrán lámh (95%) agus ag fanacht amach óna chéile agus iad i scuainí (93%).
"Cé go bhfuil imní ar go leor daoine (36%) agus an leadrán ag cur as do dhaoine (38%), is ábhar misnigh é go bhfuil níos mó dóchais ag daoine anois agus creideann 48% go bhfuil an chuid is measa den phaindéim curtha dínn againn.
"Tá bunús leis an dóchas seo agus feabhas le feiceáil ar phríomhtháscairí an ghalair agus le rolladh amach leanúnach an chláir vacsaínithe sna seachtainí amach romhainn. Tá sé ríthábhachtach, áfach, nach n-éirímid réchúiseach; ar fud na hEorpa tá cúrsaí ag dul in olcas agus tá líon na gcásanna anseo fós an-ard - ní mór dúinn gach is féidir a dhéanamh chun an víreas seo a chur faoi chois agus a chinntiú go n-éireoidh leis an líon is mó daoine tairbhe a bhaint as an gclár vacsaínithe sna míonna amach romhainn. Bí ar an airdeall."
Dúirt an Dr. Cliona Murphy, Cathaoirleach Institiúid na gCnáimhseoirí agus na Gínéiceolaithe:
"Molaimid do gach duine in aois atáirgthe an vacsaín COVID-19 a ghlacadh de réir mar a bheidh sí ar fáil. Tá a fhios againn go bhfuil eolas míchruinn faoi na rioscaí a bhaineann le vacsaíní COVID-19 a ghlacadh agus ar thorthúlacht. Níl aon fhianaise ann go gcuireann aon cheann de na vacsaíní COVID-19 isteach ar chumas mná páiste a ghiniúint ná a iompar."
- minicíocht 7 lá 71.2
- meán gluaiseachta 5 lá 495