Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain an 8 Meitheamh
- Foilsithe: 8 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 9 Meitheamh 2020
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 4 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,683 básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Domhnaigh an 7 Meitheamh, cuireadh 9 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,207* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Seo a leanas mar a léiríonn sonraí an HPSC inniu, amhail meán oíche, Dé Sathairn an 6 Meitheamh (25,198 cás):
- Is mná iad 57% agus fir iad 43% díobh
- 48 aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- Cuireadh 3,322 cás (13%) san ospidéal
- Díobh siúd a cuireadh san ospidéal, tógadh 411 cás isteach san ICU
- Tá baint ag 8,073 cás le hoibrithe cúram sláinte
- Tá an líon is mó cásanna ag Baile Átha Cliath ag 12,158 (48% de na cásanna go léir) agus Corcaigh ina dhiaidh sin le 1,529 cás (6%) agus ansin Chill Dara le 1,423 cás (6%)
- Díobh siúd a bhfuil a stádas tarchuir ar eolas: is ionann tarchur pobail agus 39%, is ionann dlúth-theagmháil agus 59%, is ionann taisteal thar lear agus 2%
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Tá sé 100 lá ó thuairiscigh muid ár gcéad chás de COVID-19. Ó shin i leith, d'éirigh le comhiarracht ár seirbhíse sláinte agus an phobail i gcoitinne srian a chur le scaipeadh an víris. Agus muid ag dul isteach i gCéim 2, tá sé ríthábhachtach comhlíonadh le comhairle sláinte poiblí a choinneáil suas."
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;
“An tseachtain seo caite tugadh le fios go bhfuil 16 cnuasach i dtithe príobháideacha. Má tá comharthaí ar nós an fhliú agat féin nó ag duine i do theaghlach - casacht, teocht, gearranáil nó athrú ar bhlas nó ar bholadh - déan rud éigin faoi - féinaonraigh agus déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh gan mhoill.”
Dúirt Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannaire Cúraim Chomhtháite FSS;
“Measann tromlach daoine fásta (62%) go bhfuil an chuid is measa den phaindéim taobh thiar dínn. Ní gealltanas é sin agus go háirithe mura nglacann gach duine againn iompraíochtaí sláinte poiblí. Caithfidh gach duine againn cinntí a dhéanamh ar leibhéal aonair, go háirithe nuair atáimid ag bualadh le chéile agus i sluaite, sa chéim seo de na srianta."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 bhás. Léiríonn an figiúr de 25,207 cás deimhnithe é seo.
Taispeánann taighde a rinneadh thar ceann na Roinne Sláinte go mbraitheann tromlach méadaitheach daoine fásta (62%) go bhfuil an chuid is measa den phaindéim taobh thiar dínn, le laghdú ar líon na ndaoine a shíleann gur dócha go dtiocfaidh an phaindéim ar ais den dara huair, ag titim ó 63% ag deireadh mhí na Bealtaine go 54% inniu.
Léiríonn an sampla ionadaíoch náisiúnta de 1,800 a rinne an Roinn Sláinte
- Titim i gcéatadán na ndaoine fásta ‘ag fanacht sa bhaile seachas ag dul amach’ anois ag 73% i gcomparáid le 92% ag tús mhí Aibreáin
- Mar aon le húsáid mhéadaitheach díghalrán lámh, anois ag 88%, suas ó 63% i lár mhí an Mhárta