English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 10 Lúnasa 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Amhail meán oíche, Dé Luain 9 Lúnasa, táimid ag tuairisciú 1,508 * cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail a hocht a chlog ar maidin inniu tá 206 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 33 acu sin in ICU.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá COVID-19 ag scaipeadh go suntasach sa phobal, ach is údar misnigh e cloí leanúnach an phobail le comhairle sláinte poiblí, na leibhéil arda glacadh le vacsaíní agus rannpháirtíocht leanúcnh an phobail le hionaid tástála ar fud na tíre. Tá leibhéil mhaith comhoibrithe le rianú teagmhála fós le feiceáil agus caithfimid é seo a choinneáil d’fhonn slabhraí tras-seoladh a scriosadh chun ár dteaghlaigh agus ár bpobail a choinneáil slán.”

“Go dtí go bhfaighidh tú toradh agus má fhaigheann tú toradh dearfadh ó thástáil PCR,tá sé riachtanach go ndéanann tú aonrú agus comhoibriú le foirne rianaithe teagmhála ionas gur féidr do dhlúththeagmhálacha a chur ar an eolas. . Má tá tú i ndlúth-theagmháil le duine a bhfuil tástáil dhearfach déanta aige ar COVID-19, tar chugainn le haghaidh tástála PCR láithreach má tá aon siomptóm ort nó mura bhfuil tú vacsaínithe go hiomlán fós chun stop a chur le scaipeadh an ghalair seo.”

“Má tá fiabhras, casacht siomptóm slaghdáin/fliú nó gan boladh nó blas, dean tú féin a leithlisiú láithreach dean agus tástáil PCR a luaithe is féidir trí tragmháil a dhéanamh le do dhoctúir ginearálta nó trí thástáil a chur in áirithe ar líne ag ceann amháin d’ionad tástála COVID-19 FSS. Tá seo tábhachtach freisin dóibh siúd atá vacsaínithe go hiomlán toisc gur féidir leat COIVD-19 a tras-sheoladh fós.”

CRÍOCH

  • D’fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú mar gheall ar athbhreithniú, bailíochtú agus nuashonrú sonraí sa todhchaí.