English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 17 Lúnasa 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Lúnasa 2021
  • An t-eolas is déanaí: 19 Lúnasa 2021

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu faoi 1,496 cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail 8am inniu, tá 248 othar COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 54 acu san aonad dianchúram.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Mar dhochtúir sláinte poiblí, is eol dom go maith an tionchar a bhí ag an gcomhairle sláinte poiblí ar gach duine sa tsochaí. Is rud deacair é an cinneadh a dhéanamh gan freastal ar obair nó sóisialú má tá siomptóm á thaispéaint agat. Ar an mbealach céanna, is rud deacair é tionól teaghlaigh nó ócáid shóisialta a fhágáil toisc nach mbraitheann sé sabháilte agus gur chúis imní é.

"Ar an drochuair, is é fírinne an scéil go bhfuil minicíocht COVID-19 in Éirinn ag méadú i gcónaí. Is é an mhinicíocht 14 lá atá againn faoi láthair ná 493 in aghaidh an 100,000, an líon is airde a bhí ann ón 31 Eanáir, agus tá minicíocht an ghalair ag méadú go seasta i mbeagnach gach aoisghrúpa agus i 21 as 26 chontae. Dé Máirt seo caite, bhí 3 dhuine ar an meán le COVID-19 tógtha isteach san aonad dianchúram gach lá, tá an figiúr sin faoi dhó anois le 6 dhuine á thógáil isteach san aonad dianchúram in aghaidh an lae.

"Mura mbeadh vacsaíniú againn bheadh an mhinicíocht 14 lá atá againn faoi láthair thart ar 1,000 in aghaidh gach 100,000 agus bheimis ag féachaint ar suas le 50 duine a ligean isteach san ospidéal le haghaidh gach 1,000 cás a thuairiscítear. Ina áit sin, táimid ag feiceáil thart ar 20 duine a thógtar isteach san ospidéal as gach míle cás a thuairiscítear.

"Tá deis againn sna seachtainí beaga amach romhainn slabhraí an tarchuir a bhriseadh trí leanúint leis an gcomhairle sláinte poiblí a thagann go nadúrtha le chuid is mó dóibh ag an bpointe seo. Má tá aon siomptóm agat a léiríonn go bhféadfadh COVID-19 a bheith agat cosúil le casacht, fiabhras, scornach tinn, srón blocáilte nó slaghdán – leithlisigh agus faigh tástáil láithreach. Déan pleananna sóisialta atá sábhailte agus measúnú riosca mar a théann tú, buail le daoine eile lasmuigh más féidir i ngrúpaí beaga agus seachain sluaite. Más rud é nach mbraiteann tú sábháilte, fág an áit. Déan cinnte go bhfreastalóidh tú ar do vacsaín COVID-19 nuair is é do sheal féin é, go háirithe don dara dáileog."