English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 26 Deireadh Fómhair 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Deireadh Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu faoi 2,193* cás dearbhaithe de COVID-19.

Amhail 8rn inniu, tá 513 othar le COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 97 acu in Aonad Dianchúraim.

Dúirt An Dochtúir Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“Tá níos mó agus níos mó imní orm faoi mhinicíocht mhéadaitheach an ghalair ar fud na tíre. Caithfidh sé a bheith mar phríomhfhócas againn anois na daoine is leochailí a chosaint ó COVID-19.

“Tá méadú leanúnach á fheiceáil againn ar iontrálacha ospidéil agus dianchúraim – cuid mhaith acu nach bhfuil vacsaínithe go hiomlán - ag cur ár seirbhísí cúram sláinte ar an líne thosaigh, lena n-áirítear cúram nach mbaineann le COVID, faoi bhrú suntasach.

“Tá sé ríthábhachtach go ndéanaimid gach rud is féidir linn chun slabhraí tarchuir an athraithigh Delta a bhriseadh, sa phobal, san ionad oibre agus inár dtithe. Má thagann siomptóim de COVID-19 ort, fiú má tá tú vacsaínithe, fan sa bhaile le do thoil, féin-aonraigh ó dhaoine eile agus socraigh tástáil saor in aisce láithreach.

“Muna ndearna tú amhlaidh cheana féin, roghnaigh tú féin a chosaint trí leas a bhaint as do vacsaín COVID-19 saor in aisce a laghdóidh go mór do bhaol trombhreoiteachta má tholgann tú an galar.

“Ní hí an vacsaín, an chosaint is fearr atá againn i gcoinne COVID-19, an t-aon uirlis atá againn chun leathadh an ghalair a laghdú. Lean ort ag ní do lámha go rialta, clúdaigh do chuid casacht agus sraothartach, oscail fuinneoga agus cinntigh go bhfuil spásanna aeráilte go maith, caith maisc aghaidhe ar iompar poiblí, i siopaí, in ionaid oibre laistigh agus i spásanna plódaithe lasmuigh, agus coinnigh fad sábháilte 2m ó dhaoine eile a oiread agus is féidir.”

  • D’fhéadfadh líon na gcásanna laethúla athrú mar gheall ar bhailíochtú sonraí sa todhchaí.