English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 01 Márta 2022

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Márta 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 3,300 cás PCR-deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Ina theannta sin, Dé Luain an 28 Feabhra, chláraigh 4,771* duine tástáil dheimhneach antaiginí trí thairseach FSS.

Amhail 8am inniu, tá 616 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 48 acusan san aonad dianchúraim.

CRÍOCH//

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:

  • Is sonraí sealadacha iad na sonraí seo agus ní féidir iad a chur i gcomparáid go díreach le cásanna SARS-CoV-2 atá deimhnithe ag PCR sa tsaotharlann a cláraíodh trí Rianaire Cúraim Covid-19 FSS.

Tá sonraí ar eipidéimeolaíocht cásanna agus básanna COVID-19 ar fáil ar Mhol sonraí Eipidéimeolaíocht COVID-19 HPSC

Tá sonraí breise ar vacsaíniú, ospidéal, aonad dianchúraim agus ceantair toghcháin áitiúla ar fáil ar Mhol Sonraí COVID-19 na hÉireann