Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 01 Nollaig 2020
- Foilsithe: 1 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 18 dune le COVID-19 tar éis bás a fháil. As na básanna a tuairiscíodh inniu, tharla bás amháin i mí Dheireadh Fómhair, 15 bás i mí na Samhna agus tá 2 bhás faoi imscrúdú.
Tá 2,069* san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Luain an 30 Samhain, cuireadh 269 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 72,798** cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 133 / is mná iad 133 díobh
- Tá 65% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 35 aois airmheánach na ndaoine
- 73 i mBaile Átha Cliath, 20 i gCill Chainnigh, 20 i Luimneach, 19 i Lú, 19 i dTiobraid Árann agus tá na 118 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile.
Amhail 2pm inniu tá 224 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 díobh sin san aonad dianchúraim.
Cuireadh 14 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Ciallaíonn an obair chrua agus na híobairtí a rinne daoine le 6 seachtaine anuas chun COVID-19 a chur faoi chois go bhfuilimid in ann siopaí miondíola neamhriachtanacha a athoscailt agus taisteal laistigh dár gcontaetha.
“Tá sé de dhualgas ar gach duine, ina (h)aonar, fanacht ar an airdeall maidir le scaipeadh an ghalair seo agus an riosca a bhaineann le haon ghníomhaíocht shóisialta a mheas. Ní mór dúinn smaoineamh ar chomhairle sláinte poiblí i gcónaí agus gan cuairteoirí a bheith againn ar ár dtithe, cé is moite de chuairteoirí riachtanacha i mboilgeog tacaíochta, go dtí an 18 Nollaig.
“Tá ról ag gach duine againn ár ndícheall a dhéanamh an ceann is fearr a fháil ar COVID-19 sna seachtainí amach romhainn. Tá sé ríthábhachtach lámha a ní, cumhdaigh aghaidhe a chaitheamh agus achar 2m a choinneáil óna chéile chun sláinte an phobail a chosaint, chun seirbhísí poiblí ríthábhachtacha a chosaint agus chun an deis is fearr a thabhairt dúinn scaipeadh an ghalair a íoslaghdú."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr de 2,069 bás an méid sin.
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 15 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 72,798 cás deimhnithe é seo.
Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 30 Samhain 2020) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 30 SAMH 2020) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (17 SAMH go 30 SAMH 2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (17 SAMH go 30 SAMH 2020) |
Éire | 269 | 87 | 4,144 |
Dún na nGall | 16 | 211.1 | 336 |
Lú | 19 | 183.1 | 236 |
Cill Chainnigh | 20 | 148.1 | 147 |
Luimneach | 20 | 132.9 | 259 |
Muineachán | <5 | 104.3 | 64 |
Bhaile Átha Cliath | 73 | 103.1 | 1,389 |
Cill Mhantáin | <5 | 92.7 | 132 |
Longfort | <5 | 88.1 | 36 |
Maigh Eo | 9 | 85.1 | 111 |
Ceatharlach | 7 | 80.8 | 46 |
Tiobraid Árann | 19 | 80.2 | 128 |
An Mhí | 6 | 79.5 | 155 |
Port Láirge | <5 | 75.7 | 88 |
Ros Comáin | <5 | 63.5 | 41 |
Corcaigh | 8 | 63.4 | 344 |
An Cabhán | 6 | 63 | 48 |
Cill Dara | 7 | 60.2 | 134 |
Laois | <5 | 55.5 | 47 |
Sligeach | <5 | 54.9 | 36 |
An Clár | 6 | 53 | 63 |
Gaillimh | 16 | 50 | 129 |
Uíbh Fhailí | <5 | 47.5 | 37 |
Ciarraí | 5 | 44 | 65 |
An Iarmhí | <5 | 29.3 | 26 |
Loch Garman | 9 | 28.7 | 43 |
Liatroim | 0 | 12.5 | 4 |
Is ionann ráta minicíochta 7 Lá reatha na hÉireann in aghaidh gach 100,000 den daonra agus 39.9.