English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 06 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 7 Aibreán 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil naonúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh triúr i mí Eanáir, beirt i mí Feabhra, triúr i mí an Mhárta agus duine amháin i mí Aibreán.

4,727 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Luain an 5 Aibreán, cuireadh 443 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

238,907* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 239 / is mná iad 203 díobh
  • Tá 75% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 31 aois airmheánach na ndaoine
  • 208 i mBaile Átha Cliath, 32 i gCorcaigh, 24 i gCill Dara, 20 sa Mhí, 17 i nDún na nGall agus an 142 eile scaipthe ar fud 19 contae eile. **

Amhail 8am inniu, tá 261 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 60 acusan san aonad dianchúraim.

Cuireadh 12 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 3 Aibreán 2021, bhí 932,324 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 660,800 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 271,524 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 238,907 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 04 Aibreán 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 5 Aib 2021) Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 5 Aib 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 5 Aib 2021)
Éire 443 463 157.1 7482
Uíbh Fháilí 11 15 407.9 318
An Iarmhí 10 13 260.2 231
Dún na nGall 17 18 246.2 392
Laois 12 16 244.4 207
Baile Átha Cliath 208 213 240.1 3,235
Cill Dara 24 27 218.9 487
An Cabhán 8 9 200.9 153
An Mhí 20 20 193.8 378
8 13 162.9 210
An Longfort <5 3 156.6 64
Tiobraid Árann 13 10 129.7 207
Loch Garman 8 9 122.2 183
Cill Mhantáin 14 15 116.6 166
Ros Comáin <5 5 100.7 65
Maigh Eo 8 7 97.3 127
Luimneach 9 6 91.3 178
Muineachán 6 5 89.6 55
Gaillimh 12 14 86.8 224
Port Láirge 6 5 69.7 81
Liatroim <5 1 65.5 21
Corcaigh 32 27 58 315
An Clár <5 3 54.7 65
Ceatharlach 0 1 42.2 24
Cill Chainnigh 0 1 32.2 32
Ciarraí 5 5 31.1 46
Sligeach <5 2 27.5 18

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 73.2
  • Meán gluaiseachta 5 lá 463