English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 11 Bealtaine 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 11 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil naonúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

4,929* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Luain an 10 Bealtaine, cuireadh 379 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 253,567* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 190 / is mná iad 185 díobh
  • Tá 77% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 29 aois airmheánach na ndaoine
  • 171 i mBaile Átha Cliath, 27 i nDún na nGall, 28 i gCill Dara, 24 i Luimneach, 22 i gCorcaigh agus tá na 107 cás eile scaipthe ar fud 18 gcontae eile***.

Amhail 8am inniu, tá 117 othar COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 34 acu in ICU, 20 ospidéal breise le 24 uair an chloig anuas.

Amhail Dé Domhnaigh 9 Bealtaine, bhí 1,848,747 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 1,347,561 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 501,186 duine

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Is seachtain dhóchasach í an tseachtain seo agus seachtain a raibh muid go léir ag súil léi. Táimid tagtha chuig an bpointe seo trí oibriú le chéile agus an chomhairle sláinte poiblí a leanúint agus minicíocht an ghalair inár bpobail a laghdú.

"Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag díriú ar na bearta a d’fhéadfadh muid féin agus ár ngaolta a chosaint ar COVID-19 - is féidir linn pleanáil chun bualadh le cairde agus le teaghlaigh nuair atá sé sábháilte déanamh amhlaidh agus is féidir leo siúd a vacsaíodh muinín a bheith acu as a vacsaín. Tá siad anois in ann dul amach agus taitneamh a bhaint as na buntáistí a bhaineann leis an vacsaín.

"Is iad an dá phríomhsprioc atá againn agus muid ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar an bpaindéim ná vacsaíniú agus tarchur íseal. Más féidir linn cásanna a choinneáil íseal agus leanúint ar aghaidh ag vacsaíniú an oiread daoine agus is féidir, is beag riosca a bheidh ann agus beimid in ann bearta a mhaolú tuilleadh. Is é an tasc atá againn anois an galar a choinneáil faoi smacht trí na bearta bunúsacha a leanúint agus ár vacsaín a ghlacadh nuair a thairgtear dúinn é."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr 4,929* bás deimhnithe é seo.

** Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 253,567 cás deimhnithe é seo.

***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna maidir le laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Ráta minicíochta 7 lá 61.3
  • Meán gluaiseachta 5 lá 422.4