English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 12 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 46 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil. Bhásaigh beirt díobh sin i mí na Nollag 2020, agus bhásaigh an 44 eile in Eanáir 2021.

Tá 2,397 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Luain an 11 Eanáir, cuireadh 3,086 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 155,591* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 1,425 / is mná iad 1,642 díobh
  • Tá 54% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 42 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 604 cás i nGaillimh, 574 i mBaile Átha Cliath, 466 i Maigh Eo, 187 i gCorcaigh, 138 i Luimneach agus tá an 1,117 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu tá 1,692 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 158 acu sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 128 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Ar an drochuair tráthnóna inniu táimid ag feiceáil líon na marbh ag ardú mar thoradh ar an ardú a tháinig ar líon na n-ionfhabhtuithe le tamall anuas. Ar an drochuair, mar gheall ar an leibhéal ard neamh-inbhuanaithe ionfhabhtuithe COVID-19 le cúpla seachtain anuas, is dóigh go mbeidh na figiúirí báis chomh hard céanna ar feadh tamaill eile. Is é an rud is féidir linn a dhéanamh inniu, in ómós dóibh siúd a bhásaigh agus dóibhs siúd atá san ospidéal nó san aonad dianchúraim faoi láthair - agus dóibh siúd atá ag tabhairt aire dóibh - ná fanacht sa bhaile."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Duine amháin as gach triúr othar a cuireadh sna hospidéil nó sna haonaid dianchúraim mí Eanáir, bhíodar faoi 65 bliain. Léiríonn sé sin go soiléir go mbuaileann Covid-19 gach duine againn, beag beann ar aois agus fiú mura bhfuil tinneas ainsealach eile ort. Leagann sé béim ar an ngá atá ann do gach duine againn a chéile a chosaint trí fanacht sa bhaile. Ní amháin go gcoinneoidh tú tú féin agus do ghaolta slán, ach cabhróidh tú freisin le hiontrálacha COVID-19 chuig ár gcóras cúram sláinte a sheachaint, córas atá ag streachailt faoi láthair."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 34 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 155,591 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 11 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche an 11 Ean 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (29 Noll 2020 go 11 Ean 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (29 Noll 2020 go 11 Ean 2021)
Éire 3,086 1410.3 67,157
Muineachán 33 2650.4 1,627
87 2302.1 2,967
Luimneach 138 2029.3 3,955
Port Láirge 128 1747.3 2,030
Loch Garman 105 1693.8 2,536
Maigh Eo 466 1605.3 2,095
Baile Átha Cliath 574 1577.7 21,257
Ceatharlach 26 1510.6 860
An Cabhán 29 1499.2 1,142
An Clár 75 1498.1 1,780
Dún na nGall 81 1490.7 2,373
Corcaigh 187 1451.0 7,877
An Mhí 103 1198.2 2,337
Cill Chainnigh 20 1196.2 1,187
Sligeach 10 1139.8 747
Ciarraí 53 1088.0 1,607
Gaillimh 604 1033.9 2,668
Cill Dara 66 1032.8 2,298
Ros Comáin 116 983.8 635
Uíbh Fhailí 32 954.3 744
Longfort 6 917.5 375
Laois 40 913.8 774
Tiobraid Árann 52 906.3 1,446
An Iarmhí 29 732.2 650
Liatroim 3 708.4 227
Cill Mhantáin 23 676.1 963

NÓTA:

Minicíocht 7 lá 888.4

Meán gluaiseachta 5 lá 5,596