English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt, an 13 Iúil 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 15 Iúil 2021

Inniu, cuireadh 589* cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte.

Ag 8am inniu, tá 62 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 17 díobh sin san Aonad Dianchúraim.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:

“Is léir ón bhfianaise eolaíoch atá ar fáil gur athraitheach de COVID-19 atá i bhfad níos in-tarchurtha é Delta. Is é an t-athraitheach seo is cúis le 80% de na cásanna atá á dtuairisciú in Éirinn faoi láthair. Tá an dúshlán a bhaineann leis an athraitheach seo le sárú ag an Eoraip trí chéile, ach tá a fhios againn go bhfuil na bearta bunúsacha sláinte poiblí fós éifeachtach chun déileáil leis an athraitheach seo. Ba cheart do dhaoine sluaite móra daoine a sheachaint, masc a chaitheamh, súil a choinneáil ar a dteagmhálaithe sóisialta, spás a fhágáil idir iad agus daoine eile, bualadh lena chéile amuigh faoin aer más féidir agus más gá bualadh le daoine taobh istigh, a chinntiú go bhfuil an seomra aeráilte go maith.”

“De bhrí go bhfuil tarlú an ghalair ag méadú go leanúnach, tá mear-aithint cásanna agus ráigeanna de COVID-19 riachtanach. Táimid ag iarraidh ar aon duine a bhfuil diagnóis de COVID-19 faighte aige/aici oibriú lenár rianaithe teagmhálaithe chun gach dlúth-theagmhálaí a aithint, ionas gur féidir a dteaghlaigh agus a gcomhghleacaithe a chosaint. Más eol duit gur dlúth-theagmhálaí de chuid duine éigin le COVID-19 thú, nó má tá aon siomptóim ort, fan sa bhaile agus déan coinne le haghaidh tástáil saor in aisce a luaithe agus is féidir.”

CRÍOCH

  • D’fhéadfadh go mbeadh athrú le tabhairt faoi deara sa líon cásanna laethúla mar gheall ar bhailíochtú sonraí amach anseo.