English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 14 Nollaig 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Nollaig 2021
  • An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2021

Cuireadh 3,887* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 493 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 109 acusan san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tugann torthaí inniu le fios go mbaineann thart ar 14% dár gcásanna leis an athraitheach Omicron.

“Ag teacht le taithí a lán tíortha eile, is féidir linn a bheith ag súil go n-ardóidh an cion seo go tapa sna laethanta amach romhainn.

“Is é an sprioc anois scaipeadh COVID-19 a theorannú trínár mbearta coisctheacha seanbhunaithe. Féadann na bearta seo sinn féin agus ár dteaghlaigh a chosaint agus tabharfaidh siad am don chlár vacsaínithe teanndáileoige teacht i bhfeidhm.

“Ciallaíonn sé sin, agus muid ag bogadh níos gaire don Nollaig, go gcaithfimid iarracht a dhéanamh líon na ndaoine a mbuailfimid leo a laghdú, sluaite a sheachaint agus obair ón mbaile mura bhfuil sé riachtanach freastal go pearsanta.

“Molaim d’aon duine atá incháilithe le haghaidh teanndáileoige an deis sin a thapú. Cruthaítear go bhfuil teanndáileoga éifeachtach chun an chosaint i gcoinne gach athraitheach de COVID-19 a athbhunú."

CRÍOCH//

Tá staitisticí ar vacsaínithe teanndáileoige ar fáil anois ar Mhol sonraí COVID-19.