Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 15 Nollaig 2020
- Foilsithe: 15 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil ochtar le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 2,134 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Luain an 14 Nollaig, cuireadh 329 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 76,776 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 162 agus is mná iad 166 díobh
- tá 64% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 37 aois airmheánach na ndaoine
- 86 i mBaile Átha Cliath, 41 i Lú, 34 i nDún na nGall, 25 i Luimneach, 17 i gCill Dara agus tá an 126 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile
Amhail 2pm inniu tá 196 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 díobh sin san aonad dianchúraim. Cuireadh 13 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH