Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt, an 16 Meitheamh 2020
- Foilsithe: 16 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 17 Meitheamh 2020
Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 3 dhuine de thoradh COVID-19.
Tá 1,709 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé Luain, an 15 Meitheamh, bhí 14 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,334* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Dé Domhnaigh, an 14 Meitheamh (25,320 cás):
- Is mná iad 57% agus is fir iad 43%
- Is é 48 bliain d’aois aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- Tá 3,282 cás (13%) curtha san ospidéal
- As measc na ndaoine a cuireadh san ospidéal, cuireadh cóir leighis ar 418 cás san aonad dianchúraim
- Baineann 8,139 cás le hoibrithe cúraim sláinte
- Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 12,228 (48% de gach cás), agus is í Corcaigh atá sa dara háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,533 cás (6%), agus is í Cill Dara atá sa tríú háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,434 cás (6%)
- Maidir leis na cásanna a bhfuil a stádas scaipthe ar eolas: scaipeadh pobail atá i gceist i gcás 37%, dlúth-theagmháil atá i gceist i gcás 60%, agus taisteal thar lear atá i gceist i gcás 2%
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte;
“Go dtí meán oíche, Dé Luain, an 14 Meitheamh, tá 386,572 tástáil déanta. Le seachtain anuas, tá 18,758 tástáil déanta. Bhí 146 tástáil dearfach, rud a chiallaíonn go bhfuil an ráta dearfachta cothrom le 0.8%.”
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
- Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 1 chás deimhnithe a bheith á dhífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna deimhnithe - 25,215 cás deimhnithe.