English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 18 Feabhra

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 18 Feabhra 2020
  • An t-eolas is déanaí: 18 Feabhra 2020

Tástáladh 78 gcinn de chásanna amhrasta Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn.

Ní raibh aon chásanna deimhnithe Covid-19 (Coróinvíreas) ann in Éirinn go dtí seo.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:

“Leanaimid le faireachán a dhéanamh ar an staid ar fud an domhain.

“Cé gur sa tSín a tuairiscíodh formhór mór na gcásanna go dtí seo, leanaimid le pleananna ullmhachta a chur ar aghaidh anseo in Éirinn. Táimid fós i gCéim an tSrianta agus tá ár gcuid gníomhartha ar aon dul leis an treoir ón Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.”

“Tá treoraithe ainmnithe le haghaidh ullmhacht do Covid-19 i bhfeidhm ag na hospidéil. Sainaithníodh riachtanais freagartha leithlisithe agus tá siad i bhfeidhm chun déileáil go cuí le haon chásanna amhrasta.”

Dúirt an Dr Sarah Doyle, Lia Comhairleach i Leigheas Sláinte Poiblí, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS):

“Tá pleananna i bhfeidhm ag FSS chun freagairt do chásanna Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn. Má tá aon seans ann go bhfuil Covid-19 ort, ba mhaith linn cloisteáil uait a luaithe is féidir. Chuirfeadh sé sin ar ár gcumas na bearta riachtanacha sláinte poiblí a dhéanamh chun leathadh an víris in Éirinn a chosc.

“Más rud é gur thaistil tú ó mhórthír na Síne sna 14 lá seo a chuaigh thart agus go bhfuil giorra anála, casacht nó fiabhras ort, cuir glao ar dhochtúir a luaithe is féidir. Más rud é gur thaistil tú ó mhórthír na Síne agus nach bhfuil aon siomptóim ort, déan teagmháil le FSS Beo chun comhairle a fháil.”

“Is é an rud is tábhachtaí is féidir linn a dhéanamh chun sinn féin a chosaint ar Covid-19 ná ár lámha a ní go rialta agus cloí le dea-shláinteachas riospráide.”

Tionólfar an chéad chruinniú eile de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí Dé Máirt an 25 Feabhra.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Ní sholáthrófar aon fhaisnéis faoi theagmhais aonair inar cuireadh na pleananna seo i mbun feidhme ná faoi aon chásanna a bhaineann leis an gCoróinvíreas nua (2019-nCoV), seachas cásanna deimhnithe.

Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoin gCoróinvíreas nua (2019-nCoV) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 13:00. Tabhair cuairt ar HPSC.ie

Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Choróinvíris le brath.

Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:

  • casacht
  • giorra anála
  • deacrachtaí análaithe
  • fiabhras (ardteocht)

Is féidir le Coróinvíreas a bheith ina chúis le tinnis níos déine freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • niúmóine
  • giorra anála
  • deacrachtaí análaithe
  • fiabhras (ardteocht)

Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Choróinvíreas:

  • nigh do lámha i gceart agus go rialta
  • cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth

Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:

  • tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
  • tar éis duit an leithreas a úsáid
  • sula n-íosfaidh tú
  • sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach
  • má tá tú i dteagmháil le duine breoite, go háirithe duine a bhfuil siomptóim riospráide air/uirthi
  • má tá do lámha salach
  • má láimhseáil tú ainmhithe nó cac ainmhí