English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 19 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 93 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhain 3 cinn de na básanna le mí na Nollag agus bhain 89* acu le mí Eanáir.

82 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 41-99 an raon aoise. Níor tuairiscíodh aon bhás nua i measc oibrithe cúram sláinte. Níor tuairiscíodh aon bhás nua i measc daoine óga faoi bhun 30 bliana d’aois.

2,708** duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Luain an 18 Eanáir, cuireadh 2,001 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 176,839*** cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 892 / is mná iad 1,098 díobh
  • Tá 55% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 42 aois airmheánach na ndaoine
  • Tá 701 i mBaile Átha Cliath, 204 i gCorcaigh, 102 i bPort Láirge, 98 sa Mhí, 90 i nDún na nGall agus tá an 806 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir.

Amhail 2pm inniu, tá 1,949 othar COVID-19 san ospidéal, agus bhí 202 díobh sin san aonad dianchúraim ag 11am. Cuireadh 100 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Cé go bhfuil toradh luath na comhiarrachta atá ar siúl againn chun scaipeadh an ghalair a laghdú, faraor, tá 93 bás breise á thuairisciú againn inniu. Caithfimid a bheith airdeallach i gcoinne na leibhéal an-ard ionfhabhtaithe atá fós sa phobal faoi láthair. Is cúis mhór imní dúinn líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim agus sna hospidéil le COVID-19 agus an brú an-mhór ar ár n-oibrithe cúram sláinte agus ar sholáthar cúram criticiúil sláinte agus obráidí nach mbaineann le COVID. Ní mór do gach duine fanacht sa bhaile, ach amháin nuair a bhíonn sé riachtanach. Dá mhéid a leanann gach duine an chomhairle ina saol laethúil, is mó a éireoidh linn scaipeadh COVID -19 a laghdú agus maolú a dhéanamh ar a thionchar ar sheirbhísí riachtanacha sláinte, ar othair agus ar oibrithe tús líne."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Tá bás amháin fós á fhiosrú.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr 2,708 bás é seo.

***Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 176,839 cás deimhnithe é seo.

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 18 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche an 18 Ean 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (05 Ean 2021 go 18 Ean 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (05 Ean 2021 go 18 Ean 2021)
Éire 2,001 1334.6 63,551
Muineachán <5 2564.1 1,574
82 2089.5 2,693
Port Láirge 102 1918.6 2,229
Loch Garman 68 1829.4 2,739
Luimneach 89 1706.0 3,325
Ceatharlach 25 1630.0 928
Maigh Eo 62 1573.1 2,053
Corcaigh 204 1471.4 7,988
Baile Átha Cliath 701 1454.5 19,598
An Clár 30 1386.2 1,647
Dún na nGall 90 1280.8 2,039
An Cabhán 19 1278.6 974
An Mhí 98 1120.3 2,185
Gaillimh 73 1054.4 2,721
Cill Chainnigh 20 1039.0 1,031
Cill Dara 89 1006.7 2,240
Tiobraid Árann 46 976.5 1,558
Uíbh Fhailí 25 938.9 732
Laois 46 933.9 791
Ciarraí 33 917.4 1,355
Ros Comáin 18 886.2 572
Sligeach 13 759.9 498
Cill Mhantáin 31 715.5 1,019
An Iarmhí 25 693.9 616
Longfort <5 680.2 278
Liatroim <5 524.3 168

Meán gluaiseachta 5 lá 2,758

Minicíocht 7 lá 447.5