Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt, an 2 Márta 2021
- Foilsithe: 2 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 14 dhuine de thoradh COVID-19.
Tharla 3 bhás i mí Márta, 10 mbás i mí Feabhra agus 1 bhás i mí na Samhna.
Tá 4,333 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn.
Ag meán oíche, Dé Luain, an 1 Márta, bhí 359 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 220,630* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Sonraí na gcásanna a fógraíodh inniu:
- 157 fear / 193 bean
- Tá 66% faoi 45 bliain d’aois
- Is é 34 bliain d’aois an aois airmheánach
- 159 i mBaile Átha Cliath, 25 san Iarmhí, 21 i Lú, 21 i nGaillimh, 19 sa Mhí, agus tá an 114 cás fágtha scaipthe i measc 19 chontae eile**.
Ag 8am inniu, tá 498 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 116 díobh sin san Aonad Dianchúraim. Tá 28 othar breise curtha chuig an ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Ag an 27 Feabhra, bhí 435,895 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- tá an chéad dáileog faighte ag 294,550 duine
- tá an dara dáileog faighte ag 141,345 duine
Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19 lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
“Cé go mb’fhéidir go bhfuil nasc idir an líon íseal cásanna a fógraíodh inniu agus an deireadh seachtaine, is cúis dóchais é agus is ionann é agus an líon is ísle cásanna fógartha in aon lá amháin ó lár mhí na Nollag.”
“Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn in Éirinn, le seachtain anuas ar fud an domhain, tá méadú tagtha ar líon na gcásanna de COVID-19 den chéad uair le 7 seachtaine. Ní féidir linn deis a thabhairt don víreas an rud céanna a dhéanamh anseo. Caithfimid aird a thabhairt ar an gcomhairle sláinte poiblí agus i dteannta a chéile is féidir linn an dul chun cinn atá déanta againn a chosaint agus cur leis an dul chun cinn atá déanta againn le 2 mhí anuas"
CRÍOCH
- Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 2 chás deimhnithe a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna deimhnithe - 220,630 cás deimhnithe.
**Ba cheart glacadh leis go bhfuil na sonraí contae sealadach de bhrí gur córas dinimiciúil é an Córas Náisiúnta um Thuairisciú Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) agus go bhfuil sonraí cásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5-lá, ráta teagmhais 14-lá le haghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (ag meán oíche an 01 Márta 2021) (ráta teagmhais bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 01Márta2021) | Meán gluaisteach 5-lá (go dtí meán oíche an 01Márta2021) | Ráta teagmhais 14-lá le haghaidh gach 100,000 den daonra (an 16Feabhra2021 go dtí an 01Márta2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (an 16Feabhra2021 go dtí an 01Márta2021) |
Éire | 359 | 633 | 201.2 | 9,580 |
Uíbh Fhailí | <5 | 22 | 401.5 | 313 |
An Longfort | 10 | 14 | 396.3 | 162 |
An Iarmhí | 25 | 17 | 274.9 | 244 |
Luimneach | 11 | 34 | 273.5 | 533 |
Baile Átha Cliath | 159 | 255 | 271.1 | 3,653 |
Lú | 21 | 26 | 265.4 | 342 |
Laois | <5 | 12 | 247.9 | 210 |
Gaillimh | 21 | 39 | 236.8 | 611 |
Cill Dara | 13 | 26 | 229.2 | 510 |
An Mhí | 19 | 30 | 224.1 | 437 |
Maigh Eo | 7 | 17 | 220.7 | 288 |
Muineachán | 5 | 6 | 206.9 | 127 |
Tiobraid Árann | <5 | 18 | 191.8 | 306 |
Dún na nGall | <5 | 24 | 191 | 304 |
Ceatharlach | <5 | 8 | 180.9 | 103 |
Port Láirge | 7 | 7 | 179.9 | 209 |
An Cabhán | 5 | 6 | 157.5 | 120 |
An Clár | 6 | 10 | 140.6 | 167 |
Liatroim | 0 | 1 | 124.8 | 40 |
Ros Comáin | <5 | 7 | 114.7 | 74 |
Cill Mhantáin | 9 | 9 | 98.3 | 140 |
Loch Garman | 6 | 8 | 79.5 | 119 |
Sligeach | <5 | 3 | 77.8 | 51 |
Cill Chainnigh | 0 | 3 | 77.6 | 77 |
Corcaigh | 15 | 24 | 66.3 | 360 |
Ciarraí | <5 | 8 | 54.2 | 80 |
~Soláthraíonn an meán gluaisteach 5-lá táscaire cuí maidir le líon na gcásanna laethúla laistigh de chontae faoi láthair. Áirítear ann aon bhailíochtú cásanna le haghaidh laethanta roimhe sin agus cuirtear athruithe laethúla/deireadh seachtaine a bhaineann le líon cásanna ina gceart.
• Teagmhas 7-lá 91.4
• Meán gluaisteach 5-lá 633