Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 20 Aibreán 2021
- Foilsithe: 20 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 11 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh ceathrar díobh sin i mí Aibreáin, beirt i mí an Mhárta, ceathrar i mí Feabhra agus duine i mí Eanáir.
83 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 50-93 an raon aoise.
4,847 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche, Dé Luain an 19 Aibreán, cuireadh 390 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.
244,297* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 215 / is mná iad 174 díobh
- Tá 67% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 34 aois airmheánach na ndaoine
- 172 i mBaile Átha Cliath, 42 i gCill Dara, 21 sa Mhí, 20 i dTiobraid Árann, 18 i nDún na nGall agus tá an 117 cás eile scaipthe ar fud 19 gcontae eile.**
Amhail 8am inniu, tá 179 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 48 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 18 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 18 Aibreán 2021, bhí 1,208,459 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- Bhí a gcéad dáileog faighte ag 855,512 duine
- Bhí a dara dáileog faighte ag 352,947 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 4 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 244,297 cás deimhnithe é seo.
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
- Minicíocht 7 lá 55.3
- Meán gluaiseachta 5 lá 380
Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 19 Aibreán 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae|Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 19 Aib 2021)|Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua|Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 19 Aib 2021)|Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 19 Aib 2021)|
Éire | 390 | 380 | 113.9 | 5,422 |
Cill Dara | 42 | 27 | 209 | 465 |
Dún na nGall | 18 | 24 | 204.8 | 326 |
Uíbh Fháilí | 7 | 8 | 187.3 | 146 |
Baile Átha Cliath | 172 | 152 | 169.5 | 2,284 |
An Mhí | 21 | 29 | 161.5 | 315 |
An Longfort | 8 | 5 | 161.5 | 66 |
An Iarmhí | 9 | 10 | 135.2 | 120 |
Laois | 7 | 6 | 124 | 105 |
An Cabhán | <5 | 5 | 114.2 | 87 |
Liatroim | 0 | 3 | 96.7 | 31 |
Maigh Eo | 10 | 8 | 95.8 | 125 |
Lú | 15 | 11 | 93.9 | 121 |
Luimneach | 13 | 14 | 88.8 | 173 |
Muineachán | 0 | 4 | 88 | 54 |
Ros Comáin | <5 | 5 | 85.2 | 55 |
Gaillimh | 10 | 16 | 84.1 | 217 |
Cill Mhantáin | 9 | 8 | 73 | 104 |
Ceatharlach | <5 | 4 | 72 | 41 |
Port Láirge | <5 | 4 | 64.6 | 75 |
Tiobraid Árann | 20 | 9 | 62.7 | 100 |
Loch Garman | <5 | 4 | 50.1 | 75 |
An Clár | <5 | 3 | 38.7 | 46 |
Ciarraí | <5 | 3 | 38.6 | 57 |
Corcaigh | 9 | 12 | 35 | 190 |
Sligeach | <5 | 3 | 32 | 21 |
Cill Chainnigh | <5 | 1 | 23.2 | 23 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.