English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 20 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 20 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 21 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 13 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Tá 1,865 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Amhail meán oíche Dé Luain an 19 Deireadh Fómhair, cuireadh 1,269 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 52,256* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 6 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 52,256 cás deimhnithe é seo.)

De na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 657 / is mná iad 609 díobh
  • tá 63% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 34 aois airmheánach na ndaoine
  • 221 i gCo. na Mí, 203 i mBaile Átha Cliath, 116 i gCorcaigh, 80 sa Chabhán agus tá na 649 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha go léir atá fágtha

Amhail 2pm inniu tá 312 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 34 díobh sin san ICU. Cuireadh 13 san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH