Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 21 Iúil 2020
- Foilsithe: 21 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2020
Níor tuairiscíodh aon bhás don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (HPSC) inniu.
Tá 1,753 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Luain an 20 Iúil, cuireadh 36 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,802 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Amhail meán oíche Dé Luain an 20 Iúil, tá 574,487 tástáil curtha i gcrích. Le seachtain anuas, rinneadh 51,128 tástáil. Bhí 139 tástáil deimhneach, rud a thugann ráta deimhneachta 0.27%.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:
“Le chéile, tá an oiread sin bainte amach againn inár n-iarracht leanúnach chun scaipeadh COVID-19 inár bpobail a theorannú, rud a fhágann gur féidir bearta a dhéanamh chun an tsochaí agus an geilleagar a athoscailt.
“Iarraim inniu ar gach duine leanúint ar aghaidh leis na bearta sláinte poiblí is gá chun COVID-19 a chur faoi chois, mar shampla casacht a chlúdach, níochán lámh, cumhdaigh aghaidhe a úsáid agus scaradh sóisialta 2m, atá riachtanach chun leanúint leis an móiminteam ionas gur féidir linn ár scoileanna a athoscailt agus ár seirbhísí cúram sláinte a atosú."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH