English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 21 Meán Fómhair

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2021
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Cuireadh 1,423* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.

Amhail 8am inniu, tá 286 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 63 acu sin san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá vacsaíní COVID-19 ag tabhairt cosaint an-éifeachtach ó dhrochthinneas agus tá próifíl riosca COVID-19 in Éirinn athraithe go mór acu - tá sé tábhachtach go bhfaighidh gach duine againn ár vacsaín COVID-19 a luaithe a bheidh sí ar fáil dúinn.

“Arís eile inniu, feicimid níos mó gnéithe dár sochaí agus dár ngeilleagar ag athoscailt. Má tá tú cosanta go hiomlán trí vacsaíniú, ansin is féidir leat a bheith muiníneach gurb é do vacsaíniú, agus do chomhlíonadh leanúnach leis an gcomhairle sláinte poiblí atá oiriúnach do gach timpeallacht, an bealach is fearr is féidir leat chun tú féin a chosaint ar COVID-19.

“Má tá siomptóim slaghdáin nó fliú cosúil le casacht, fiabhras, tinneas cinn, scornach tinn agus srón phlúchta nó smugach agat, féin-aonraigh láithreach. Ná buail le daoine eile le do thoil agus ná freastal ar imeachtaí, obair nó scoil. Déan tástáil PCR a eagrú tríd an FSS a luaithe is féidir."

CRÍOCH