Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 23 Feabhra 2021
- Foilsithe: 23 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 45 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh 41 díobh sin i mí Feabhra agus ceathrar i mí Eanáir.
84 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 55-104 an raon aoise.
4,181* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr 4,181 bás é seo.)
Amhail meán oíche Dé Luain an 22 Feabhra, cuireadh 575 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 216,300* * cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 8 gcás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 216,300 cás é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 272 agus is mná iad 298 díobh
- tá 68% faoi bhun 45 bliana d’aois
- 32 aois airmheánach na ndaoine
- 218 i mBaile Átha Cliath, 38 i nGaillimh, 35 i Lú, 27 i Luimneach, 26 san Iarmhí agus tá na 231 cás eile scaipthe ar fud 20 contae eile
Amhail 8am inniu, tá 693 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 150 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 37 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 20 Feabhra, bhí 350,322 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 219,899 duine
- bhí a dara dáileog faighte ag 130,423 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- meán gluaiseachta 5 lá 737
- is é an minicíocht 7 lá ná 109.9 in aghaidh gach 100,000 den daonra