Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 23 Márta 2021
- Foilsithe: 23 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 24 Márta 2021
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 24 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh 12 díobh sin i mí an Mhárta, deichniúr i mí Feabhra agus beirt i mí Eanáir.
82 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 49 - 100 an raon aoise.
4,610* duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 2 bhás. Léiríonn an figiúr 4,610 bás é seo.)
Amhail meán oíche Dé Luain an 22 Márta, cuireadh 371 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 231,484* * cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 6 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 231,484 cás deimhnithe é seo.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- is fir iad 183 agus is mná iad 187 díobh
- tá 75% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 30 aois airmheánach na ndaoine
- 151 i mBaile Átha Cliath, 31 in Uíbh Fhailí, 27 i nDún na nGall, 25 i nGaillimh, 21 sa Mhí agus tá na 116 cás eile scaipthe ar fud 16 chontae eile
Amhail 8am inniu, tá 357 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 76 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 25 in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 20 Márta 2021, bhí 675,946 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
- bhí a gcéad dáileog faighte ag 492,106 duine
- bhí a dara dáileog faighte ag 183,840 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- minicíocht 7 lá 80.3
- meán gluaiseachta 5 lá 538
Contae | Cásanna an lae inniu (go meán oíche 22 Márta 2021) | Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 22 Márta 2021) | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (09 Márta 2021 go 22 Márta 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (09 Márta 2021 go 22 Márta 2021) |
Éire | 371 | 538 | 158.3 | 7,538 |
Uíbh Fháilí | 31 | 31 | 443.8 | 346 |
An Longfort | 0 | 8 | 261.8 | 107 |
Cill Dara | 14 | 29 | 249.4 | 555 |
Baile Átha Cliath | 151 | 232 | 234.5 | 3,160 |
An Mhí | 21 | 31 | 229.7 | 448 |
Dún na nGall | 27 | 29 | 218.0 | 347 |
Ceatharlach | 6 | 7 | 177.4 | 101 |
Ros Comáin | 0 | 7 | 151.8 | 98 |
Port Láirge | 8 | 14 | 148.9 | 173 |
Tiobraid Árann | 8 | 19 | 147.3 | 235 |
An Iarmhí | 12 | 9 | 146.4 | 130 |
Lú | 18 | 13 | 142.0 | 183 |
Gaillimh | 25 | 23 | 138.0 | 356 |
Loch Garman | <5 | 17 | 128.2 | 192 |
Luimneach | 11 | 11 | 102.6 | 200 |
Cill Mhantáin | <5 | 11 | 100.4 | 143 |
Laois | 8 | 9 | 99.2 | 84 |
An Cabhán | <5 | 3 | 88.0 | 67 |
Sligeach | <5 | 4 | 87.0 | 57 |
Muineachán | 0 | 1 | 58.6 | 36 |
Maigh Eo | <5 | 4 | 58.2 | 76 |
An Clár | <5 | 4 | 53.9 | 64 |
Corcaigh | 16 | 17 | 47.7 | 259 |
Ciarraí | 0 | 3 | 47.4 | 70 |
Liatroim | 0 | 1 | 40.6 | 13 |
Cill Chainnigh | <5 | 3 | 38.3 | 38 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.