Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt, an 23 Meitheamh 2020
- Foilsithe: 23 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 3 dhuine de thoradh COVID-19.
Tá 1,720 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé Luain, an 22 Meitheamh, bhí 10 gcás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,391* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Deais COVID-19.
Ag meán oíche, Dé Luain, an 22 Meitheamh, bhí 404,989 tástáil déanta. Le seachtain anuas, tá 18,368 tástáil déanta. Bhí 97 tástáil dearfach, rud a chiallaíonn go bhfuil an ráta dearfachta cothrom le 0.5%.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte:
"Ainneoin go bhfuil córas tástála éifeachtach i bhfeidhm anois, braitheann rath an chórais ar dhaoine a bheith sásta aonrú agus teagmháil a dhéanamh lena ndochtúir teaghlaigh nuair a thugann siad siomptóim faoi deara. Ba cheart glacadh leis gurb ionann casacht, fiabhras, gearranáil, athrú ar bhlas nó ar bholadh, siomptóim den fhliú, agus cás de COVID-19 go dtí go gcuirtear a mhalairt in iúl mar thoradh ar mheasúnú nó tástáil déanta ag dochtúir teaghlaigh.
“Má tá siomptóim den chineál sin ort, ná téigh ag obair nó ná cas le cairde. Féin-aonraigh i do theach agus déan teagmháil le do dhochtúir teaghlaigh, ar an teileafón, gan mhoill.”
CRÍOCH
- Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 2 chás deimhnithe a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna deimhnithe - 25,391 cás deimhnithe.