English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 26 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 28 Eanáir 2021

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 90 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh 89* díobh sin i mí Eanáir.

83 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 48-99 an raon aoise.

3,066** duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Luain an 25 Eanáir, cuireadh 928 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC.

Tá 189,851 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 418 / is mná iad 506 díobh
  • Tá 50% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 44 aois airmheánach na ndaoine
  • 257 i mBaile Átha Cliath, 115 i gCorcaigh, 71 i Lú, 53 i nGaillimh, 45 i Luimneach agus tá na 387 cás eile scaipthe ar fud na gcontaetha eile go léir***

Amhail 2pm inniu, tá 1,750 othar a bhfuil COVID-19 orthu san ospidéal, agus tá 216 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 65 duine eile san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Inniu táimid ag tuairisciú 90 bás eile, rud a fhágann gur ionann iomlán carnach na ndaoine atá básaithe de bharr COVID-19 agus os cionn 3,000 duine. Tá an galar an-tógálach seo ag dul i bhfeidhm go mór ar na daoine is leochailí inár sochaí agus caithfimid leanúint leis an dea-obair atá á déanamh againn chun é a chur faoi chois.

“Tá laghdú ag teacht ar mhinicíocht laethúil COVID-19, ach tá líon na ndaoine leis an ngalar inár bpobail fós an-ard. Go dtí seo tá 96,000 cás tuairiscithe in Eanáir 2021, uimhir atá níos mó cheana féin ná an 93,500 cás a tuairiscíodh in 2020. Go deimhin, thuairiscigh dochtúirí sláinte poiblí Lár Tíre 4,000 cás san iomlán sa chéad 8 mí de 2020 agus 4,000 cás eile sa chéad cheithre seachtaine de 2021.

“Trínár gclár feabhsaithe faireachais sláinte poiblí, tá 6 chás breise aitheanta againn atá nasctha le hathraitheach Dheisceart na hAfraice. Tá foirne sláinte poiblí ag seiceáil gach cás de réir na treorach ECDC is déanaí a foilsíodh an 21 Eanáir.

“Baineadh an laghdú sa mhinicíocht amach trí dhíograis mhuintir na tíre fanacht sa bhaile, oibriú ón mbaile agus cruinniú agus sóisialú le daoine eile a sheachaint. Tá sé ríthábhachtach go leanfaidh gach duine de bheith ag cloí go docht leis an gcomhairle sláinte poiblí chun muid féin agus ár ngaolta a chosaint ar an ngalar an-tógálach seo."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

  • Tá an dáta a bhaineann le bás amháin fós á fhiosrú.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh bás amháin. Léiríonn an figiúr de 3,066 bás é seo.

***Ba cheart sonraí contae a mheas go sealadach toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhaireachta Idirnáisiúnta um Ghalair Thógálacha (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

  • 273.8 an Mhinicíocht 7 lá
  • 1,591 an meán gluaisteacha 5 lá

Cásanna an lae inniu, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 25 Eanáir 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 25 Ean 2021) Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua* (go 25 Ean 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go 25 Ean 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (go 25 Ean 2021)
Éire 928 1,591 721.1 34,336
Muineachán 27 50 1,475.9 906
71 79 1,139.0 1,468
Ceatharlach 36 26 964.3 549
Port Láirge 37 67 953.7 1,108
Maigh Eo 31 48 841.3 1,098
Baile Átha Cliath 257 521. 839.2 11,307
Loch Garman 16 70 834.2 1,249
Luimneach 45 62 781.9 1,524
An Cabhán 7 21 737.8 562
Dún na nGall 38 39 712.3 1,134
An Mhí 39 68 700.9 1,367
Uíbh Fhailí 20 32 691.4 539
Corcaigh 115 162 689.9 3,745
Cill Dara 24 58 631.4 1,405
Gaillimh 53 65 616.1 1,590
Laois 9 17 591.5 501
Tiobraid Árann 19 44 559.7 893
An Clár 15 25 536.1 637
Cill Mhantáin 16 32 464.1 661
Cill Chainnigh 9 18 427.3 424
Sligeach 5 17 408.9 268
An Iarmhí 11 20 397.7 353
Longfort 6 12 384.1 157
Ciarraí 19 25 381.8 564
Ros Comáin <5 7 373.4 241
Liatroim <5 6 268.4 86
  • Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna maidir le laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.