English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 27 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 27 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil deichniúr le COVID-19 tar éis bás a fháil.

Bhásaigh ceathrar díobh sin i mí Aibreán, cúigear i mí an Mhárta agus duine í mí Feabhra.

84 aois airmheánach na ndaoine a bhásaigh agus 77-97 an raon aoise.

4,884 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche, Dé Luain an 26 Aibreán, cuireadh 426 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 247,489* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 6 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 247,489 cás deimhnithe é seo.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 203 agus is mná iad 221 díobh
  • tá 74% faoi bhun 45 bliana d’aois
  • 29 aois airmheánach na ndaoine
  • 156 i mBaile Átha Cliath, 39 i nDún na nGall, 28 i gCill Dara, 28 sa Mhí, 25 i Luimneach agus tá an 150 cás eile scaipthe ar fud 18 gcontae eile

Amhail 8am inniu, tá 153 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 47 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 10 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 25 Aibreán 2021, bhí 1,398,061 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • bhí a gcéad dáileog faighte ag 998,134 duine
  • bhí a dara dáileog faighte ag 399,927 duine

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • Minicíocht 7 lá 67.2

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 26 Aibreán 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 26 Aib 2021) Meán gluaiseachta 5 lá (go meán oíche 26 Aib 2021) Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (13 Aib 2021 go 26 Aib 2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (13 Aib 2021 go 26 Aib 2021)
Éire 426 437 122.5 5,831
Dún na nGall 39 33 288.3 459
Cill Dara 28 36 218 485
Uíbh Fháilí 6 9 180.9 141
Baile Átha Cliath 156 181 173.7 2,341
An Longfort 0 3 171.3 59
An Iarmhí 20 14 163.3 145
An Mhí 28 19 153.3 299
Liatroim <5 3 143.6 46
Tiobraid Árann 22 18 132.9 212
Luimneach 25 22 122.1 238
5 9 113.3 146
An Cabhán <5 9 103.7 79
Ceatharlach 8 3 96.6 55
Laois <5 4 93.3 79
Gaillimh 19 16 82.9 214
Muineachán 13 5 81.5 50
Cill Mhantáin 12 12 80 114
Maigh Eo 6 5 75.9 99
Port Láirge 7 6 68 79
Ros Comáin <5 2 66.6 43
Sligeach <5 2 53.4 35
Corcaigh 16 22 42.9 233
An Clár <5 4 41.2 49
Loch Garman <5 2 35.4 53
Ciarraí 0 1 28.4 42
Cill Chainnigh 0 2 25.2 25