Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 28 Lúil 2020
- Foilsithe: 28 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Níor tuairiscíodh aon bhás nua don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Tá 1,764 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Luain an 27 Iúil, cuireadh 40 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,929 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Dúirt an Dr Ronan Glynn, Príomhoifigeach Gníomhach Leighis, an Roinn Sláinte;
“Tá cásanna an lae inniu scaipthe thar raon suíomhanna agus aoisghrúpaí éagsúla. Tá 75% de na cásanna faoi bhun 45 bliana d’aois, agus 33 an aois airmheánach. Tá ar a laghad leath de chásanna an lae inniu ina ndlúth-theagmhálacha de chásanna deimhnithe eile.
“Tá sé ríthábhachtach i gcónaí má tá imní ar dhuine go raibh siad i dteagmháil le cás deimhnithe nó má tá siomptóim acu a bhaineann le COVID-19, go bhfanann siad scartha amach ó dhaoine eile agus go dtiocfaidh siad ar aghaidh le haghaidh tástála gan mhoill."
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 3 chás deimhnithe. Léiríonn an figiúr 25,929 é seo.