Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 3 Márta 2020
- Foilsithe: 3 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2020
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte faoi chás deimhnithe eile Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn.
Tá dhá chás dheimhnithe de Covid-19 (Coróinvíreas) ann in Éirinn anois.
Tástáladh 397 nduine i gcomhair Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn amhail an Luan an 2 Márta.
Tugadh fógra don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte tráthnóna inniu faoin dara cás deimhnithe de COVID-19 (Coróinvíreas) in Éirinn.
Tá cúram leighis cuí á fháil ag an othar anois, ar bean í a chónaíonn in oirthear na hÉireann.
Is le taisteal ó limistéar i dtuaisceart na hIodáile atá thíos leis an víreas, seachas teagmháil le cás deimhnithe eile, a bhaineann an cás.
Tá Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag obair go tapa anois chun aon daoine a bhféadfadh go raibh an t-othar i dteagmháil leo a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh ar mhaithe le tuilleadh leata a chosc.
Tháinig an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Dé Máirt an 3 Márta) mar chuid dá measúnú leanúnach ar fhreagairt agus ullmhacht na hÉireann do Covid-19.
Rinne an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí na moltaí seo a leanas inniu:
- Moladh go gcoinneofaí sainiú cáis na hÉireann mar atá. Leanfaidh an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le hathbhreithniú a dhéanamh ar an scéal sa tír de réir mar a athraíonn an staid ar fud an domhain
- Moladh, ar fhorais sláinte poiblí, go dtabharfaí an chomhairle maidir le taisteal chuig an Iodáil cothrom le dáta chun a insint do dhaoine gan tabhairt faoi aon taisteal neamhriachtanach chuig na ceithre réigiún seo a leanas: an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant
- Moladh go bhfoilseofaí Treoirlínte maidir le Mórthionóil sna laethanta atá romhainn, tar éis athbhreithniú tras-Rialtais a dhéanamh
- Moladh go dtosódh FSS ar shamhail tástála pobail a úsáid anois le haghaidh cásanna amhrasta a mheasúnú agus a imscrúdú
- Bunaíodh ceithre fhoghrúpa chun na nithe seo a leanas a athbhreithniú: Daoine Soghonta, Cosaint Oibrithe Cúram Sláinte agus Cúraim Shóisialta, Ullmhacht Ospidéal Géarmhíochaine, agus Leanúntas an tSoláthair Leigheasanna agus Feistí Leighis
Bhí méadú suntasach ann ar an líon cásanna a tástáladh, agus é ag méadú ó 90 ceann go 397 gcinn sa tseachtain seo a chuaigh thart. Bhíothas ag súil leis sin tar éis an sainiú cáis a leathnú ó mhórthír na Síne amháin chun go n-áireofaí na háiteanna seo a leanas leis freisin: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin agus ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant).
Dheimhnigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú inné gur idir measartha agus ard atá an baol go mbeidh tarchur forleathan marthanach COVID-19 ann san Aontas Eorpach agus sa Ríocht Aontaithe sna seachtainí atá romhainn. Ina fhianaise sin, chinn an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí Sainiú Cáis na hÉireann a choinneáil mar atá; beidh an cinneadh sin faoi réir athbhreithniú leanúnach ar an staid a bhíonn ag athrú, áfach.
Molann an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí go dtosódh FSS ar shamhail tástála pobail a úsáid anois le haghaidh cásanna amhrasta a mheasúnú agus a imscrúdú. Déanfaidh baill foirne de chuid na Seirbhíse Náisiúnta Otharchairr measúnú ar chásanna amhrasta ina dteach féin, rud a chinnteoidh go gcuirfear srian le seachaint ospidéil agus le leathadh an ionfhabhtaithe.
Ag gníomhú di ar fhorais sláinte poiblí, mhol an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí go dtabharfaí an chomhairle maidir le taisteal chuig an Iodáil cothrom le dáta chun a insint do dhaoine gan tabhairt faoi aon taisteal neamhriachtanach chuig na ceithre réigiún seo a leanas: an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant. Thug an Roinn Gnóthaí Eachtracha a suíomh Gréasáin cothrom le dáta chun an moladh sin a léiriú.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte;
“Tá Éire tar éis an dara cás de Covid-19 a dheimhniú. Cé nach ábhar iontais é sin, molaimid do dhaoine den phobal i gcoitinne leanúint le cloí leis an gcomhairle ó FSS agus ón Roinn Sláinte maidir leis an mbealach is fearr chun a sláinte féin a chosaint.
“Tá Éire fós i gcéim an tsrianta agus, murab ionann agus roinnt réigiún eile den Aontas Eorpach, ní raibh aon tarchur áitiúil anseo go fóill. Leanann an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le faireachán a dhéanamh ar an staid ar fud an domhain.
“Moltar do dhaoine den phobal i gcoitinne cloí le dea-shláinteachas láimhe agus le dea-bhéasa casachta/sraotha agus iad féin a choinneáil ar an eolas faoin staid a bhíonn ag athrú ach leas a bhaint as foinsí iontaofa amhail FSS agus an Roinn Sláinte.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir
Tagann na háiteanna seo a leanas faoin sainiú cáis ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí: an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin, ceithre réigiún i dtuaisceart na hIodáile (an Lombaird, Veneto, Emilia-Romagna agus Píodmant) agus mórthír na Síne.
Aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (mórthír na Síne, an Chóiré Theas, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach.
Aon duine a bhí i ndlúth-theagmháil le cás deimhnithe Covid-19 sna 14 lá seo a chuaigh thart AGUS a bhfuil siomptóim air/uirthi, ba cheart dó/di é/í féin a leithlisiú agus glao a chur ar a lia-chleachtóir ginearálta lom láithreach
Aon duine a bhí i réigiún atá thíos leis an víreas (an tSín, an tSeapáin, Singeapór, Hong Cong, an Chóiré Theas, an Iaráin agus na ceithre réigiún lena mbaineann i dtuaisceart na hIodáile) sna 14 lá seo a chuaigh thart agus a bhfuil an tsláinte aige/aici, ba cheart dó/di dul chuig www.HSE.ie chun comhairle a fháil.
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
- Casacht
- Giorra anála
- Deacrachtaí análaithe
- Fiabhras (ardteocht)
Is féidir le Covid-19 (Coróinvíreas) a bheith ina chúis le tinnis níos troime freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- Niúmóine
- Giorra anála
- Deacrachtaí análaithe
- Fiabhras (ardteocht)
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):
- Nigh do lámha i gceart agus go rialta
- Cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
- Tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
- Tar éis duit an leithreas a úsáid
- Sula n-íosfaidh tú
- Sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach