English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt, an 30 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 30 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 1 Iúil 2020

Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh duine amháin de thoradh COVID-19.

Tá 1,736 duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.

Ag meán oíche, Dé Luain, an 29 Meitheamh, bhí 11 chás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC.

Tá 25,473 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.

Soláthraítear faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal ar Dheais COVID-19.

Ag meán oíche, Dé Luain, an 29 Meitheamh, bhí 429,698 tástáil déanta. Le seachtain anuas, tá 24,607 tástáil déanta. Bhí 116 tástáil dearfach, rud a chiallaíonn go bhfuil an ráta dearfachta cothrom le 0.5%.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte;

“6 mhí ón lá inniu a fuair an WHO tuairiscí maidir leis an víreas ar a dtugtar COVID-19 anois.”

“Ó shin, tá 10 milliún cás agus 500,000 bás tuairiscithe ar fud an domhain.”

“Tá níos mó ar eolas againn anois, ná mar a bhí 6 mhí ó shin, faoin víreas agus conas stop a chur lena scaipeadh. Tá sé fíorthábhachtach go leanfaí leis an iarracht náisiúnta an tionchar atá ag an ngalar seo ar ár dtír a laghdú.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte;

“Ba cheart do gach duine measúnú riosca a dhéanamh ar a t(h)impeallacht féin roimh chinntí agus gníomhartha pearsanta a dhéanamh i rith na paindéime seo.”

“Tá a fhios againn go scaipeann an víreas seo, tá an t-iompar sláinte poiblí atá riachtanach chun muid féin agus daoine eile a chosaint ar eolas againn, agus ní mór dúinn a bheith airdeallach ar an ngalar agus scaipeadh an ghalair a chosc.”

Tá Comhairle Sláinte Poiblí le fáil ag gov.ie/health agus hse.ie.

CRÍOCH