English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 4 Bealtaine 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil beirt le COVID-19 tar éis bás a fháil.

4,908 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.

Amhail meán oíche Dé Luain an 3 Iúil, cuireadh 383 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 250,672* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Is fir iad 194 / is mná iad 189 díobh
  • Tá 79% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • 28 aois airmheánach na ndaoine
  • 129 i mBaile Átha Cliath, 40 i gCill Dara, 32 sa Mhí, 25 i nDún na nGall, 25 i Lú agus tá na 132 cás eile scaipthe ar fud 21 chontae eile**.

Amhail 8am inniu, tá 144 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 41 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 10 duine in ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail Dé Domhnaigh 2 Bealtaine, bhí 1,604,644 dáileog den vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:

  • Bhí a gcéad dáileog faighte ag 1,159,083 duine
  • Bhí a dara dáileog faighte ag 445,561 duine

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Agus muid ag druidim níos gaire do mhaolú na srianta an 10 Bealtaine, is féidir linn a bheith ag súil le deiseanna taitneamh a bhaint as an aimsir níos fearr agus bualadh lenár dteaghlach agus lenár ndlúthchairde go sábháilte agus na bearta sláinte poiblí i bhfeidhm againn.

“Tá an víreas fós ag scaipeadh sa phobal agus tá sé fós ina riosca, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil an vacsaín faighte acu fós. Tá a fhios againn i dteannta a chéile conas cur isteach ar scaipeadh an ghalair seo, mar sin nuair atá pleananna á ndéanamh agat don tseachtain atá le teacht, cinntigh d’achar a choinneáil, bualadh amuigh faoin aer nuair is féidir agus cuimhnigh do lámha a ní. Agus má tá áit plódaithe, cas timpeall agus tar ar ais am éigin eile. Le chéile, íoslaghdóidh na bearta simplí seo an riosca ionfhabhtaithe."

Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH//

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh cás amháin. Léiríonn an figiúr de 250,672 cás deimhnithe é seo.

**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.

Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 3 Bealtaine 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go meán oíche 03 Bealtaine 2021)** Meán gluaiseachta 5 lá (28 Aib 2021 - 03 Beal 2021) Minicíocht 14 lá ráta in aghaidh gach 100,000 daonra (20 Aib 2021 go 03 Beal 2021) Cásanna Nua le linn 14 lá deiridh (20 Aib 2021 go 03 Beal 2021)
Dún na nGall 25 27.6 306.5 488
Cill Dara 40 49.2 266.1 592
An Iarmhí 15 12.6 207.3 184
Baile Átha Cliath 129 189.8 189.8 2,557
Tiobraid Árann 17 14.8 167.3 267
Uíbh Fháilí 5 5.4 159.1 124
An Mhí 32 21.0 145.1 283
An Longfort <5 3.2 141.9 58
An Cabhán 6 10.6 140.5 107
Éire 383 470.2 134.1 6,385
Luimneach 12 14.8 127.2 248
25 13.8 119.5 154
Liatroim <5 1.4 106.1 34
Ros Comáin 16 7.0 99.2 64
Cill Mhantáin 5 9.0 91.3 130
Gaillimh 11 17.6 90.3 233
Ceatharlach <5 4.2 86.1 49
Port Láirge 5 9.2 80.9 94
Muineachán <5 2.2 74.9 46
Corcaigh 16 40.0 73.5 399
Laois <5 1.8 54.3 46
Maigh Eo <5 3.8 52.1 68
An Clár <5 3.0 39.6 47
Sligeach <5 1.0 38.1 25
Cill Chainnigh 5 2.6 30.2 30
Loch Garman <5 3.0 25.4 38
Ciarraí <5 1.6 13.5 20

~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.

  • Minicíocht 7 lá 67
  • Meán gluaiseachta 5 lá 470