Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 4 Eanáir 2022
- Foilsithe: 4 Eanáir 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh 21,302* cás deimhnithe COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu.
Amhail 8am inniu, tá 884 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 90 acusan san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Don dara Eanáir as a chéile, tá borradh mór san ionfhabhtú ó COVID-19 ag dul i bhfeidhm go mór ar sheirbhísí riachtanacha ar fud na n-earnálacha go léir, an tseirbhís sláinte san áireamh.
“Mar cheann dár bpríomhsheirbhísí riachtanacha - tá earnáil an oideachais ag ullmhú le filleadh ar an oideachas an tseachtain seo, tá sé tábhachtach go leanfaimid orainn ag íoslaghdú, oiread agus is féidir linn, meascadh lánroghnach taobh istigh le daoine ó theaghlaigh eile.
“Chonaiceamar laghdú suntasach ar mhinicíocht COVID-19 i leanaí bunscoile i mí na Nollag. I bhfianaise mhinicíocht an-ard agus méadaithe COVID-19 ar fud gach aoisghrúpa sa phobal, áfach, tá sé dosheachanta go bhfaighidh leanaí an t-ionfhabhtú seo ó theagmhálacha teaghlaigh sna laethanta agus seachtainí amach romhainn. Tá a fhios againn freisin, mar thoradh air sin, go mbeidh cásanna agus ráigeanna ann i scoileanna agus i suíomhanna cúraim leanaí. Tugann eispéireas Éireannach agus idirnáisiúnta na paindéime údar dúinn a cheapadh gur timpeallacht riosca níos ísle iad scoileanna chun COVID-19 a tharchur agus go mbíonn cineál éadrom den ghalar seo ag tromlach na leanaí atá ionfhabhtaithe. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird freisin go bhfuil leanaí idir 5 - 12 bliana d’aois incháilithe le haghaidh vacsaínithe anois. Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil ar www.hse.ie.
“Níor chóir do leanaí a bhfuil siomptóim COVID-19 orthu, nó a bhfuil cónaí orthu i dteaghlach ina bhfuair duine toradh tástála dearfach nó “braite” ar PCR nó ar thástáil antaigine freastal ar scoil.
“Tá sé tábhachtach go leanfaidh gach duine againn ag tacú le scoileanna, úinéirí gnó, teaghlaigh agus cairde le spiorad na comhairle sláinte poiblí a choinneáil. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh ag srianadh ár ngluaiseachtaí a mhéid is féidir, trí na daoine a mbímid ag idirghníomhú leo ó theaghlaigh eile a theorannú má táimid chun tarchur COVID-19 a chosc agus ár seirbhísí riachtanacha a chothú."
**CRÍOCH
- I bhfianaise na minicíochta ard atá ann faoi láthair, tá líon na gcásanna laethúla bunaithe ar thorthaí dearfacha SARS-CoV-2 arna n-uaslódáil chuig Rianaire Cúraim COVID FSS an lá roimhe sin. Tá na sonraí seo sealadach. Leanfaidh HPSC agus comhpháirtithe faireachais ag tabhairt fógra agus próiseáil cásanna agus ráigeanna de COVID-19 ar CIDR thar an tréimhse seo.