Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 7 Iúil 2020
- Foilsithe: 7 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Tá 1,742 san iomlán básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Amhail meán oíche Dé Luain an 6 Iúil, cuireadh 24 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 25,538* cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a sholáthar dóibh chun scaipeadh breise a chosc.
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte;
“Amhail 5pm tráthnóna inniu, bhí thart ar 545,000 íoslódáil den Aip Rianaithe Covid. Seo sampla amháin eile den dlúthpháirtíocht agus den spiorad comhchoiteann a léiríodh le linn fhreagra phobal na hÉireann ar COVID-19 go dtí seo.
“Is uirlis thábhachtach í an aip chun tacú lenár gcórais rianaithe teagmhálaithe. Tá sé de chumas aige an t-am a bhíonn daoine gníomhach sa phobal le hionfhabhtú a laghdú, agus beidh tionchar suntasach aige sin ar tharchur an ghalair.
“Dá mhéad daoine a íoslódálann agus a úsáideann an aip seo, is amhlaidh is éifeachtaí a bheidh sé. Is deis eile atá anseo ár gcuid a dhéanamh sa troid i gcoinne COVID-19."
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 17 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 25,538 cás deimhnithe é seo.