Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt an 9 Márta 2021
- Foilsithe: 9 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Márta 2021
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 30 duine le COVID-19 tar éis bás a fháil.
Bhásaigh 12 díobh sin i mí an Mhárta, 13 i mí Feabhra, 4 i mí Eanair agus tá bás amháin fós á fhiosrú.
4,452 duine san iomlán atá básaithe de thoradh COVID-19 in Éirinn go dtí seo.
Amhail meán oíche Dé Luain an 8 Márta, cuireadh 311 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. 223,957* cás de COVID-19 a deimhníodh in Éirinn go dtí seo.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Is fir iad 159 / is mná iad 149 díobh
- Tá 64% faoi bhun 45 bliain d’aois
- 34 aois airmheánach na ndaoine
- 135 i mBaile Átha Cliath, 29 i gCill Dara, 21 i gCorcaigh, 18 i Luimneach, 14 i Lú agus tá na 94 cás eile scaipthe ar fud 16 chontae eile**.
Amhail 8am inniu, tá 397 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 95 acusan san aonad dianchúraim. Cuireadh 24 duine san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 6 Márta, bhí 523,069 dáileog de vacsaín COVID-19 tugtha in Éirinn:
&Bhí a gcéad dáileog faighte ag 373,149 duine
- Bhí a dara dáileog faighte ag 149,920 duine
Soláthraíonn Deais COVID-19 faisnéis cothrom le dáta faoi phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal lena n-áirítear sonraí laethúla maidir le Clár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí ag an HPSC dí-fhógraíodh 5 cás deimhnithe. Léiríonn an figiúr de 223,957 cás deimhnithe é seo.
**Ba cheart sonraí contae a mheas go amhail is gur sonraí sealadacha iad toisc gur córas dinimiciúil é an Córas Ríomhairithe náisiúnta um Ghalair Thógálacha a Thuairisciú (CIDR) agus tá sonraí cáis á mbailíochtú agus á nuashonrú i gcónaí.
Cásanna an lae inniu, meán gluaiseachta 5 lá de chásanna nua, ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 08 Márta 2021) (ráta minicíochta bunaithe ar dhaonra contae Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu** (go meán oíche 08 Márta 2021) | Meán Gluaiseachta 5 lá de Chásanna Nua~ | Ráta minicíochta 14 lá in aghaidh gach 100,000 den daonra (go dtí 08 Márta 2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí 08 Márta 2021) |
Éire | 311 | 466 | 161.3 | 7683 |
An Longfort | <5 | 9 | 403.7 | 165 |
Uíbh Fháilí | 10 | 15 | 330.9 | 258 |
An Iarmhí | 9 | 9 | 243.3 | 216 |
Baile Átha Cliath | 135 | 211 | 235.3 | 3170 |
An Mhí | 12 | 27 | 212.8 | 415 |
Luimneach | 18 | 21 | 205.7 | 401 |
Lú | 14 | 14 | 204.1 | 263 |
Cill Dara | 29 | 24 | 171.2 | 381 |
Laois | <5 | 6 | 157 | 133 |
Maigh Eo | 10 | 12 | 150.9 | 197 |
Ceatharlach | <5 | 4 | 149.3 | 85 |
Dún na nGall | 0 | 11 | 148.2 | 236 |
Gaillimh | 12 | 16 | 142.2 | 367 |
Tiobraid Árann | <5 | 13 | 134.8 | 215 |
An Clár | <5 | 5 | 108.6 | 129 |
Muineachán | 0 | 4 | 105.9 | 65 |
Port Láirge | 8 | 6 | 97.3 | 113 |
Ros Comáin | <5 | 3 | 91.4 | 59 |
An Cabhán | 0 | 3 | 90.6 | 69 |
Cill Mhantáin | <5 | 11 | 90.6 | 129 |
Sligeach | 0 | 4 | 74.8 | 49 |
Loch Garman | 9 | 8 | 71.5 | 107 |
Ciarraí | <5 | 6 | 67 | 99 |
Liatroim | 0 | 0 | 59.3 | 19 |
Corcaigh | 21 | 18 | 53.6 | 291 |
Cill Chainnigh | <5 | 3 | 52.4 | 52 |
~Soláthraíonn an meán gluaiseachta 5 lá de líon na gcásanna nua táscaire iomchuí ar líon na gcásanna laethúla reatha laistigh de chontae. Áirítear aon bhailíochtú cásanna a tharla sna laethanta roimhe seo agus réitíonn sé luaineachtaí laethúla/deireadh seachtaine i líon na gcásanna.
- Minicíocht 7 lá 70.1
- Meán gluaiseachta 5 lá 466