Ráiteas ón bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt, an 9 Meitheamh 2020
- Foilsithe: 9 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 10 Meitheamh 2020
Inniu, cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte gur bhásaigh 9 nduine de thoradh COVID-19.
Tá 1,691* duine ar fad tar éis bháis de thoradh COVID-19 in Éirinn anois.
Ag meán oíche, Dé Luain, an 8 Meitheamh, bhí 9 cás deimhnithe de COVID-19 curtha in iúl do HPSC. Tá 25,215** cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.
Tá FSS ag obair chun aon teagmhálaithe a d’fhéadfadh a bheith ag na hothair a aithint agus faisnéis agus comhairle a chur orthu chun scaipeadh an víris a chosc.
Tá 110 cás deimhnithe de COVID-19 san ospidéal faoi láthair. Astu seo, tá 35 cás san aonad dianchúraim i láthair na huaire.
Tugtar an méid seo a leanas le fios i sonraí an lae inniu ó HPSC, go dtí meán oíche, Dé Domhnaigh, an 7 Meitheamh (25,206 cás):
- Is mná iad 57% agus is fir iad 43%
- Is é 48 bliain d’aois aois airmheánach na gcásanna deimhnithe
- Tá 3,331 cás (13%) curtha san ospidéal
- As measc na ndaoine a cuireadh san ospidéal, cuireadh cóir leighis ar 413 cás san aonad dianchúraim
- Baineann 8,087 cás le hoibrithe cúraim sláinte
- Is i mBaile Átha Cliath atá an líon is mó cásanna - 12,159 (48% de gach cás), agus is í Corcaigh atá sa dara háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,529 cás (6%), agus is í Cill Dara atá sa tríú háit ar an liosta, áit a bhfuil 1,424 cás (6%)
- Maidir leis na cásanna a bhfuil a stádas scaipthe ar eolas: scaipeadh pobail atá i gceist i gcás 38%, dlúth-theagmháil atá i gceist i gcás 59%, agus taisteal thar lear atá i gceist i gcás 2%
Ag meán oíche, Dé Luain, an 8 Meitheamh, bhí 367,780 tástáil déanta. Le seachtain anuas, tá 19,364 tástáil déanta. Bhí 185 tástáil dearfach, rud a chiallaíonn go bhfuil an ráta dearfachta cothrom le 1%.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte;
“Bíodh is gur 9 gcás nua atá á thuairisciú againn agus feabhas a bheith ag teacht ar chúrsaí in Éirinn agus fud na hEorpa, tá sé ráite ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte nach é seo an t-am chun ‘ár maidí a ligean le sruth’ agus nach mór do thíortha leanúint leis an obair chrua chun réchúis a sheachaint agus dlúthpháirtíocht a chur chun cinn.”
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Dr. Ronan Glynn, Leas-Phríomhoifigeach Leighis, An Roinn Sláinte;
“Is gnéithe bunúsacha dár bhfreagairt do COVID-19 iad rianú teagmhálaithe & faireachas na sláinte poiblí. Tá iarracht mhór déanta, go ciúin, ag dochtúirí Sláinte Poiblí chun breis is 25,000 teagmhálaí de chásanna COVID-19 a rianú. Sa tréimhse amach romhainn, is féidir linn ar fad cabhrú leo lena gcuid oibre gan bualadh ach le líon beag daoine gach lá agus eolas maidir leis na daoine a mbímid ina dteannta gach lá a thaifeadadh.”
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
- Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 1 bhás a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na mbásanna - 1,691 bás.
**Bhí bailíochtú sonraí in HPSC mar bhonn le 1 chás deimhnithe a bheith á ndífhógairt. Tá sé seo curtha san áireamh i líon na gcásanna deimhnithe - 25,215 cás deimhnithe.